FEISTEAS AN tSAOIL
FEISTEAS AN tSAOIL
@ Smock Alley
Lecture / Talk Arts and EntertainmentIs ceiliúradh é Feisteas an tSaoil ar shaol na mban trí athruithe sóisialta an 20ú haois agus ina dhiaidh. Saothar nua cróga is ea é seo ó bhean go raibh saol thar a bheith suimiúil aici.
Coincheap agus téama úrnua atá againn anseo. Pléann sé le scéalta an-phearsanta atá fite fuaite le píosaí filíochta, formhór acu leis an bhfile Áine Moynihan féin. Tá idir gháire is gol ann.
Cuireann píosaí ceoil agus amhránaíochta, cuid a thagann ó oileáin Inis Oírr, Cléire agus ó Iarthar Chiarraí – ar pianó le Louise Foxe agus fidil le Feargal Mac Amhlaoibh – go mór leis an seó.