Gaeilge don Naíonra
Gaeilge don Naíonra
@ Zoom
Online Lecture / TalkTéama: GaeilgedonNaionra.ie mar Acmhainn Foghlama dóibh siúd atá ag iarraidh cur lena muinín sa Ghaeilge i suíomh an naíonra.
Cláraigh anseo: Seimineáir ar líne | Gaeloideachas
Dírithe ar: Múinteoirí Naíonra agus éinne ar spéis leo obair na naíonraí
Am agus áit: 23 Feabhra 2021, 19.00, Zoom
Aoichainteoir: Ailín Ní Chonchuir, Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil, Ollscoil Mhá Nuad.
Le linn an tseimineáir seo, míneofar conas an suíomh GaeilgedonNaionra.ie a úsáid chun cabhrú leo siúd atá ag iarraidh cur lena muinín sa Ghaeilge i suíomh an naíonra. Sa cheardlann phraiticiúil seo gheobhaidh rannpháirtithe léargas ar conas an leas is fearr a bhaint as an suíomh mar acmhainn fhéinteagaisc.
D’fhorbair Gaeloideachas an suíomh seo agus tá sé maoinithe ag Foras na Gaeilge. Forbraíodh é mar acmhainn dóibh siúd atá ag obair i Naíonraí agus atá ag iarraidh cur lena muinín sa Ghaeilge, agus dóibh siúd atá ag iarraidh cur lena líofacht sa Ghaeilge le bheith ag obair i Naíonraí amach anseo.
Gaeilge don Naíonra, 23 Feabhra 2021
Cláraigh anseo agus seolfar nasc chugat ar lá an tseimineáir. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ndúnfar an fhoirm ag 12.00 ar an lá.