Gradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais 2022
Gradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais 2022
CompetitionTáimid anois ag glacadh le hiontrálacha do na Gradaim Fhoilsitheoireachta 2022:
Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg)
Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta)
Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile)
Is comórtais iad seo atá dírithe go príomha ar fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge chun aitheantas a thabhairt do leabhair i nGaeilge a raibh sárchaighdeán agus sárcháilíocht foilseacháin bainte amach acu. Bronnfar duais ar údar na nduaisiarrachtaí agus i gcás Gradam Réics Carló, ar ealaíontóir an leabhair chomh maith. Roghnóidh na buaic-shaothair de réir na gcritéar seo a leanas:
- ÁBHAR Oiriúnacht don spriocmhargadh, lena n-áirítear téama/scéal, eitic & cur i láthair;
- DEARADH Téacs, clúdach, léaráidí, íomhánna, leagan amach agus an dea-chleachtas foilsitheoireachta i gcoitinne;
- TEANGA Gaeilge dheascríofa, sothuigthe beag beann ar chanúint (gan cur isteach ar ábhar ná insint an scéil) agus eagarthóireacht chóipe chruinn, thuisceanach; agus
- MARGADH Tarraingteacht don mhargadh léitheoireachta, ag áireamh gné uathúil díolacháin.
Bronnfar duaischiste de €17,000 thar na comórtais uile.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anseo nó déan teagmháil linn ag eolas@antoireachtas.ie má theastaíonn cóip crua den fhoirm iontrála uait.
Spriocdháta Iontrála: 15 Iúil 2022
Tuilleadh eolais anseo.