Is Leor Beirt
Is Leor Beirt
@ Bridge Street Bar
Conversation GroupCreideann Conradh na Gaeilge nach bhfuil slua de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt!
Níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i Caife nó i teach tábhairne áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre le comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta. Cuireann beirt chainteoir Gaeilge fáilte roimh dhaoine eile le spéis sa teanga ag gach ionad a ghlacann páirt i scéim an Chonartha gach seachtain nó gach mí.
Níl aon chostas nó am breise de dhíth chun páirt a ghlacadh i ngréasán Gaeilge Is Leor Beirt, ó seo am lóin nó sos Caife a bheadh á ghlacadh ag daoine ar aon nós, ach beidh sé á ghlacadh acu i suíomh éagsúil anois i dteannta daoine eile sa suim sa teanga.
Is Leor Beirt, or It Takes two, gives everyone in the community a chance to use their cúpla focal and ensure Irish will be heard in various public places. Is Leor Beirt will provide a contact point for people not already involved in the Irish Language community. It will also help people overcome their fear and lack of confidence in speaking the language by providing a safe, friendly and informal setting to use their cúpla focal.
Tugann an scéim seo deis labhartha Gaeilge don ghnáthphobal agus cinnteoidh go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil go poiblí in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Ní hamháin go mbeidh pointe teagmhála á chruthú ag an scéim do dhaoine lasmuigh de phobal na Gaeilge ar an dóigh seo, ach cabhróidh Is Leor Beirt go mór le daoine ar an gcúpla focal an easpa muiníne agus an eagla roimh úsáid na Gaeilge a dhíbirt i gcomhluadar cairdiúil, neamhfhoirmeálta.
Tuilleadh eolas: ó Bhridín ag - 094-90-22444/087-9781166 eolas@conradhmhaigheo.ie
Fáilte roimh chách