![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F02%2F24.02.21-Sleamhnan.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=f571ec11)
Líofacht na léitheoireachta sa bhunscoil
Líofacht na léitheoireachta sa bhunscoil
@ Zoom
Online Lecture / TalkTéama: Líofacht na léitheoireachta mar straitéis i dtreo na tuisceana
Cláraigh: Seimineáir ar líne | Gaeloideachas
Dírithe ar: Múinteoirí agus Príomhoidí Bunscoile
Am agus áit: 24 Feabhra 2021 ag a 16.00, Zoom
Aoichainteoirí: Jacqueline de Brún, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Díreoidh an cheardlann phraitciúil seo seo ar fhorbairt na líofachta sa léitheoireacht sa bhunscoil, ó thus na léitheoireachta i dtreo an neamhspleáchais. Bainfear úsáid as téacsanna samplacha le straitéisí líofachta a léiriú, straitéisí a thacóidh le tuiscint. Pléifear léiriú, frásáil, rialtacht, luas agus urlabhraíocht mar ghnéithe sáiniúla den líofacht agus mar spriocanna forbartha. Molfar ardáin teicneolaíochta leis an léitheoireacht a chur i láthair ar scoil agus sa bhaile.
I measc na moltaí a bheidh á gcíoradh ná:
- Leabhair oiriúnacha ag an leibhéal cuí
- Athléamh mar straitéis tuisceana
- Aird ar léiriú, frásáil, luas agus urlabhraíocht
- Ag aistriú na scileanna go téacsanna eile
- Ag léamh do lucht éisteachta/go neamhspleách/sa bhaile
Jacqueline de Brún:
Is Ollamh Cúnta ar Theagasc na Gaeilge í Jacqueline de Brún in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Ba Chomhairleoir Oideachais san Áisaonad i mBéal Feirste í agus ba mhúinteoir Gaelscoile í roimhe sin. D’fhorbair sí na cláir Fónaic na Gaeilge (BELB) agus Cód na Gaeilge (CCEA) agus ba í an stiúrthóir a bhí ar an chlár luathléitheoireachta Cleite (An tÁisaonad).
Tá suim ar leith ag Jacqueline i leabhair do pháistí agus i léitheoireacht na Gaeilge; sin ábhar a PhD. Is iomaí leabhar atá curtha in oiriúint go Gaeilge, nó scríofa i nGaeilge aici, mar chuid d’obair an Áisaonaid agus tá úrscéal do pháistí foilsithe aici leis an Ghúm. Tá a dara húrscéal le foilsiú ag Leabhar Breac.