![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F08%2FIMG-20220812-WA0000-2.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=a15898f0)
Lonnaíochtaí Lán-Ghaeilge i mBÁC?
Lonnaíochtaí Lán-Ghaeilge i mBÁC?
@ Ionad an Phiarsaigh, Sráid an Phiarsaigh, BÁC 2
Lecture / TalkAg an bpléphainéal tábhachtach seo, pléifear na deiseanna, na castachtaí, na constaicí agus na féidearthachtaí a bhainfeadh le lonnaíocht lán-Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath.
Tá a leithéid déanta cheana féin i mBéal Feirste agus i gCorcaigh agus tá na scéalta sin agus go leor cinn eile scrúdaithe go mion ag ár bpríomh-aoichainteoir Ciarán Dunbar, ina leabhar uathúil "Síolta". Beidh ionadaithe ó CATU, Baile Átha Cliath le Gaeilge agus Conradh na Gaeilge ar an bpainéal chomh maith.
Tá níos mó cainteoirí laethúla Gaeilge i mBaile Átha Cliath ná áit ar bith eile ar domhain, mar sin cén fáth nach bhféadfadh muidne amhlaidh a dhéanamh anseo? Céard a theastódh lena a leithéid d'fheachtas a thógáil? an mbeadh sé indéanta? Cén fáth ar éirigh nó nár éirigh le hiarrachtaí eile? Cé na céimeanna a bheadh le tógáil?
Pléifear na ceisteanna sin uilig go léir agus tuilleadh nach iad ag an ócáid seo. Mar sin, más mian leat do shaol a chaitheamh trí-Ghaeilge, gasúir a thógáil le Gaeilge, nó an teanga a chur chun cinn san ardchathair. Bí linn!