Na Gradaim Chumarsáide
Na Gradaim Chumarsáide
@ Óstán Gleneagle
CompetitionDéanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tá fás agus forás tagtha ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais le fiche bliain anuas faoi mar atá ar an earnáil lena mbaineann siad. Is iontach an deis iad na Gradaim le haitheantas a thabhairt do na hiriseoirí, na láithreoirí teilifíse & raidió, lucht déanta clár agus eile a rinne cion thar na bearta le dhá mhí dhéag anuas. Bíonn Ócáid Bhronnta na nGradam ar cheann de bhuaicphointí fhéilire na nGael agus lucht na meán Gaeilge gach bliain.