Fête de la Musique agus Grianstad an tSamhraidh
21/06/2024
Clog Tait, Sráid an Pheirigh, Lumneach
Is é 21ú Meitheamh Grianstad an tSamhraidh, oíche speisialte i measc na nGael. Ach ar fud na hEorpa (bunaithe san Fhrainc) bíonn siad ag ceiliúradh Fete de la Musique. Cuirfimid an dá rud le chéile le haghaidh craic agus ceol!
#parkrunabú! – An Chanáil Ríoga, Cill Choca
22/06/2024
An Chanáil Ríoga, Cill Choca, An Chanáil Ríoga, Loc 16, An Cuan, Cill Choca, Co. Chill Dara
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Bál Aiteach 2024
22/06/2024
Club Chonradh na Gaeilge, 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Contae Átha Cliath, Cúige Laighean, Éire, D02 VH98
Is é an Bál Aiteach an t-imeacht pobail is glioscarnaí, is spraíúla agus is cruthaithí sa mbliain do phobal aiteach na Gaeilge. Faigh do thicéad inniu (€10) (Eventbrite) Beidh beárbaiciú againn i gClub Chonradh na Gaeilge 17:00-19:00; cluichí spraíúla trí Ghaeilge 19:00-21:00; agus ansin an Bál féin 21:00-23:00, ag glacadh inspioráide ó na báil in Harlem sna 1980idí. Gléasfaidh daoine de réir catagóire: ExtravaGeansaí Dathanna an Chontae Drag Caoineadh TG Leathair Beidh duais ar luach €100 i gceist don fheisteas is fearr i ngach catagóir. Roghnóidh gach buaiteoir a nduais féin ó Eolaire Údarás na Gaeltachta chun go rachaidh an...
Rasaí Currachaí Pátrún Inis Mór
30/06/2024
Cill Rónáin an tsean ceibhe, Árainn, Co na Gaillimhe
Rasaí Currachaí mar chuid dé féile Pátrún Inis Mór, Arainn, Co Na Gaillimhe. Rasaí Fear agus Bean, Rasaí Faoi 18, Rasaí sinsir na bhfear agus rasaí sinsir mná. Tá ná rasaí claraithe le Coiste Lár na currachaí chun a bheidh istigh sa léig don chóras pointí.
Campaí Samhraidh Gaeilge
01/07/2024
CnaG Caisleán an Bharraigh, Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
#parkrunabú! – An Caisleán Riabhach
13/07/2024
An Caisleán Riabhach, An Diméin, Baile an Chaisleáin Riabhaigh, Co. Ros Comáin
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Céilí do Dhéagóirí
03/08/2024
An t-Ionad Cultúrtha, Béal Átha na Muice, Bóthar an Stáisiúin, An Cheathrú Bheag, Béal Átha na Muice, Maigh Eo, F12WK83
Céilí do dhéagóirí trí ghaeilge.
Féile na mBád, Árainn
24/08/2024
gteic @ Árainn, Ionad Fiontair Colm Ó hIarnáin, Árainn, Co. na Gaillimhe, H91 WN93
A chairde, tá lúcháir an domhain orainn a fhógairt daoibh go mbeidh muid ag reachtáil Féile na mBád, Árainn i mbliana. Is féile lá le hoidhreacht, ceol agus traidisiúin a bheas anseo. Bhí ceangal mór idir Árainn Agus Conamara riamh agus beidh muid ag déanamh athbheochana ar an gcaidreamh stairiúil seo. ⛵️
Ceolchoirm Chórúil & Léacht Oscailte | Irish Choral Concert & Lecture
29/08/2024
Séipéal na Naomh Uile, OCBÁC, Bóthar Pháirc na nGrás, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, D09 N920
Cuireann Cumann Ceoil OCBÁC fáilte roimh an bpobal freastail ar cheolchoirm chórúil agus léacht oscailte i Séipéal na Naomh Uile, OCBÁC. Ag an gceolchoirm seo beidh cur i láthair ar réimse ceoil chórúil Ghaelaigh nach gcloistear go minic in aon cheolchoirm amháin. Beidh cór proifisiúnta ann á chanadh faoi stiúir Kevin Boushel, taighdeoir PhD in OCBÁC. Le linn na ceolchoirme, beidh Kevin ag tabhairt chomhthéacs don cheol, ag labhairt faoi stair na n-amhrán agus na cumadóirí a scríobh iad. Beidh na léachtanna i nGaeilge, ach beidh nótaí dátheangacha ar fáil. Cloisfear ceol as cumadóirí de leithéid Marian Ingoldsby, Michael McGlynn,...
#parkrunabú! – Cábán tSíle
14/09/2024
Cábán tSíle, Páirc Chábán tSíle, Seanbhóthar Bhré, Cábán tSíle, Baile Átha Cliath 18
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Ranganna Gaeilge le Cill Dara le Gaeilge
24/09/2024
Ionad Pobail An Monread, Ascaill an Mhaidilín, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara, W91 FNV9,Cill Dara
Ranganna Gaeilge Irish Language Classes Tá lúcháir ar Chill Dara le Gaeilge sraith nua de ranganna Gaeilge a fhógairt! Cill Dara le Gaeilge is delighted to announce a new series of Irish classes! 24/09/24-12/11/24 19:00-20:00 Tosaitheoirí/Beginners 20:00 - 21:00 Meánleibhéal/Intermediate Level €60 in aghaidh an chúrsa per course (8 rang/classes) Ceannaigh ticéidí anseo The Monread Community Centre Ascaill an Mhaidilín, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara, W91 FNV9 Maudlins Avenue, Naas, Co. Kildare, W91 FNV9
#parkrunabú!
02/11/2024
Teach Chill Airne, Bóthar an Mhisin, Cill Airne, Co. Chiarraí
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair
27/12/2024
Gaoth Dobhair , Dún na nGall
Is Féile Ealaíne Traidisiúnta bhliantúil í Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, a reáchtáiltear ón 27 Nollaig go dtí an 01 Eanáir gach bliain. Reáchtáiltear ranganna i raon leathan uirlisí ceoil chomh maith le ceardlanna amhránaíochta agus damhsa thar 4 lá le linn na féile. Sna tráthnónta, bíonn éagsúlacht ceolchoirmeacha agus imeachtaí ann chomh maith le léachtaí agus rian seisiúin (session trail) de thithe tábhairne áitiúla. Tá ticéidí luath ar díol anois d’fhéile 2024 i mí na Nollag seo chugainn anseo; https://www.eventbrite.ie/o/scoil-gheimhridh-ghaoth-dobhair-8603665006 Níos mó eolais: https://scoilgheimhridh.com/ https://www.facebook.com/ScoilGheimhridh https://www.instagram.com/scoilgheimhridh