Ceoil
Pop up Gaeltacht le Ceol le Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Suzanne Ní Ghallachóir
10/05/2024
Club GAA St Vincent, Páirc na nGrás, Baile Átha Cliath
Tá oíche iontach le bheith ann ar Aoine an 10ú Bealtaine sa bheár i Naomh Uinsionn CLG. Beidh Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Suzanne Ní Ghallachóir linn as Dún na nGall. Beidh siad ag casadh ceoil, ag canadh agus ag scéalaíocht óna 8.30i.n. Tá fáilte is fiche roimh cheoltóirí seinnt leo óna 9.30i.n. Ní hé an chéad Pop Up Gaeltacht a bhí sa Chlub ach is é an chéad ceann le tamall. Tá fáilte roimh chách ar an oíche. Sibhse atá líofa (fluent) agus sibhse atá ar an mbeagán. Tar agus bí ag caint nó ag éisteacht nó fiú má...
Ceiliúradh Cruitireachta: Happy Birthday Mary O’Hara
12/05/2024
An Taibhdhearc, 19, An tSráid Láir, Cathair na Gaillimhe, H91 AY6P
Ceiliúradh Cruitireachta: Happy Birthday Mary O'Hara An Taibhdhearc, Gaillimh Dé Domhnaigh, 12ú Meitheamh, 7in Seolfar albam úr Moya Brennan agus Cormac de Barra Voices and Harps IV ar bhreithlá Mary O’Hara Dé Domhnaigh 12 Bealtaine 7pm ag ócáid speisialta le Cruit Éireann|Harp Ireland i dTaidhbhearc na Gaillimhe. Tugann Voices & Harps IV, aitheantas do shaol agus do cheol Mary le foinn agus amhráin ar nós An Maidrín Rua agus The Spinning Wheel. Beidh Mary fhéin inár dteannta dár ndóigh agus cuirfear fáilte mhór roimpi ar an oíche mhór ceiliúrtha seo. “Ba chruitire inspioráideach agus ceannródaí ár dtraidisiúin í...
Áras Scríbhneoirí na hÉireann Tóg an Maidhc
21/05/2024
Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
Bíonn Takin’ the Mic ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann ina shár-oíche filíochta, focal labhartha agus grinn i mBéarla agus i nGaeilge. In éineacht le fear nó bean an tí, bíonn aoi speisialta ann chomh maith le ‘maidhc-oscailte’ le haghaidh scríbhneoirí, filí agus ceoltóirí. Fáilte roimh chách! Tacaíonn Foras na Gaeilge leis an imeacht seo. Curtha i láthair i bpáirtnéireacht le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann The Irish Writers Centre Bilingual Takin’ the Mic is a fantastic evening of poetry and prose in English and Irish. Featuring an MC and a special guest writer, there will be an open mic with writers, poets and musicians. All welcome. This event...
Féasta Sráide le Aisteoirí an Bhaile agus Gaeilge Mhaigh Cuilinn
02/06/2024
The Coach House, Maigh Cuillinn, Gaillimh, H91 VN8H
Beidh Aisteoirí an Bhaile ag tabhairt chun na stáitse i lár an tSamhraidh le blúiríní dráma agus ceoil. Bígí linn ar an lá speisialta seo i gcroí lár Mhaigh Cuilinn.
REIC an Ghrianstad
20/06/2024
Club Chonradh na Gaeilge, 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Contae Átha Cliath, Cúige Laighean, Éire, D02 VH98
Cloistear filíocht ó bhéal, rap, amhránaíocht, scéalaíocht agus neart eile ag imeachtaí REIC, a reáchtáiltear go rialta timpeall na tíre. Anocht ag REIC an ghrianstad cuirfidh bean an tí Ciara Ní É fáilte roimh cúpla aoi speisialta agus beidh maidhc oscailte ann. Bí ann go luath le do spás a chinntiú! Doirse 19:00 Tús 20:00 Críoch 22:00
Fête de la Musique agus Grianstad an tSamhraidh
21/06/2024
Clog Tait, Sráid an Pheirigh, Lumneach
Is é 21ú Meitheamh Grianstad an tSamhraidh, oíche speisialte i measc na nGael. Ach ar fud na hEorpa (bunaithe san Fhrainc) bíonn siad ag ceiliúradh Fete de la Musique. Cuirfimid an dá rud le chéile le haghaidh craic agus ceol!
Ceolchoirm Chórúil & Léacht Oscailte | Irish Choral Concert & Lecture
29/08/2024
Séipéal na Naomh Uile, OCBÁC, Bóthar Pháirc na nGrás, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, D09 N920
Cuireann Cumann Ceoil OCBÁC fáilte roimh an bpobal freastail ar cheolchoirm chórúil agus léacht oscailte i Séipéal na Naomh Uile, OCBÁC. Ag an gceolchoirm seo beidh cur i láthair ar réimse ceoil chórúil Ghaelaigh nach gcloistear go minic in aon cheolchoirm amháin. Beidh cór proifisiúnta ann á chanadh faoi stiúir Kevin Boushel, taighdeoir PhD in OCBÁC. Le linn na ceolchoirme, beidh Kevin ag tabhairt chomhthéacs don cheol, ag labhairt faoi stair na n-amhrán agus na cumadóirí a scríobh iad. Beidh na léachtanna i nGaeilge, ach beidh nótaí dátheangacha ar fáil. Cloisfear ceol as cumadóirí de leithéid Marian Ingoldsby, Michael McGlynn,...