Ceolchoirm Chórúil & Léacht Oscailte | Irish Choral Concert & Lecture
Ceolchoirm Chórúil & Léacht Oscailte | Irish Choral Concert & Lecture
@ Séipéal na Naomh Uile, OCBÁC
CeoilCuireann Cumann Ceoil OCBÁC fáilte roimh an bpobal freastail ar cheolchoirm chórúil agus léacht oscailte i Séipéal na Naomh Uile, OCBÁC. Ag an gceolchoirm seo beidh cur i láthair ar réimse ceoil chórúil Ghaelaigh nach gcloistear go minic in aon cheolchoirm amháin. Beidh cór proifisiúnta ann á chanadh faoi stiúir Kevin Boushel, taighdeoir PhD in OCBÁC.
Le linn na ceolchoirme, beidh Kevin ag tabhairt chomhthéacs don cheol, ag labhairt faoi stair na n-amhrán agus na cumadóirí a scríobh iad. Beidh na léachtanna i nGaeilge, ach beidh nótaí dátheangacha ar fáil. Cloisfear ceol as cumadóirí de leithéid Marian Ingoldsby, Michael McGlynn, Carl Hardebeck, Éamonn Ó Gallchobhair, agus roinnt eile.
Deis iontach atá ann ceol Gaelach agus cumadóirí Éireannacha nua a aimsiú agus ceiliúradh a dhéanamh ar an gceol córúil atá againn inár dteanga dhúchais.