Seachtain na Gaeilge
Seachtain na Gaeilge
@ Esopus
Suitable for Families Class Arts and Entertainment27 Lúnasa go dtí 2 Meán Fómhair 2023
Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár Seachtain na Gaeilge idir 27 Lúnasa agus 2 Meán Fómhair in Esopus, Nua–Eabhrac.
Beidh ranganna ar gach leibhéal ar fáil againn, mar is gnách.
Tá súil againn go bhfeicfidh muid ansin thú. Tá fáilte roimh cách!
Agus tá an-áthas orainn go mbeidh Seán Mac Corraidh linn i mbliana mar mhúinteoir Gaeilge le haghaidh na daoine atá an-líofa.
Is múinteoir den chéad scoth é, Seán; agus bíonn sé lán fuinnimh ó dhubh go dubh. Ina theannta sin, is ceoltóir gairmiúil é, le meanma dochloíte.
Bhí Seán linn anuraidh agus bhain muid uilig an-taitneamh go deo as a chomhluadar.
Cuireann An Coimisiún Fulbright in Éirinn agus An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú ar fáil i gcomhair an chlár seo, agus tá muid thar a bheith buíoch dóibh.
Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon.
Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo.