Sealbhú agus Forbairt Teanga sa Naíonra: Béim ar RSO
Sealbhú agus Forbairt Teanga sa Naíonra: Béim ar RSO
@ Gaeloideachas
Online Lecture / TalkTéama: Sealbhú agus Forbairt Teanga sa Naíonra: Béim ar Riachtanais Speisialta Oideachais
Cláraigh: Seimineáir ar líne | Gaeloideachas
Dírithe ar: Múinteoirí Naíonra agus éinne ar spéis leo obair na naíonraí
Am agus áit: 16 Feabhra 2021, 19.00, Zoom
Aoichainteoirí: Deirdre Breatnach agus Eibhlin Breatnach
Le linn an tseimineáir seo, déanfar machnamh ar thaighde reatha faoi shealbhú teanga do pháistí a bhfuil an Ghaeilge mar an dara teanga acu i naíonraí. Roinnfear moltaí ar an dea-chleachtas is éifeachtaí ó thaobh fhorbairt an dara teanga de. Roinnfear smaointe lena linn a mbeadh úsáideach don seomra naíonra féin, chomh maith le smaointe a bhféadfadh le naíonraí a roinnt ar theaghlaigh nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu.
I measc na moltaí a bheidh á gcíoradh ná:
- Dátheangachas: tuairimí fíora nó bréagacha
- Gníomhaíochtaí sealbhaithe teanga taitneamhacha
- Áiseanna teagaisc atá ar fáil go forleathan
- Ag obair le teaghlaigh chun an dara teanga a chur chun cinn sa bhaile
- Ag tacú le páistí le riachtanais bhreise
Tabharfar roinnt ama ag an deireadh do phlé agus cheisteanna. Má tá aon cheisteanna ag múinteoirí naíonra do Dheirdre agus Eibhlin, is fiú go mór iad a chur isteach roimh ré. Tá an cheardlann seo dírithe ar mhúinteoirí naíonra ach go háirithe agus orthu siúd le suim agus nasc acu le naíonraí.
Deirdre Breatnach:
Is léachtóir i nDámh an Oideachais í Deirdre i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Tá sainspéis aici sa luathoideachas agus muineann sí ar an BA i gCúram agus in Oideachas na Luath-Óige [ECCE]. Is iarmhúinteoir bunscoile í agus d’oibrigh sí mar phríomhoide Gaelscoile chomh maith.
Eibhlin Breatnach:
Is teiripeoir urlabhra agus teanga í Eibhlin le suim ar leith aici sa dátheangachas agus sealbhú na teanga i measc leanaí óga. Tá taithí fhairsing aici ag obair mar theiripeoir sa Roinn Sláinte. Tá taithí aici le tograí éagsúla don Roinn Oideachais mar chuid den Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta chomh maith.
Organizer
Gaeloideachaseolas@gaeloideachas.ieEibhlin Breatnach:<\/strong>
\nIs teiripeoir urlabhra agus teanga \u00ed Eibhlin le suim ar leith aici sa d\u00e1theangachas agus sealbh\u00fa na teanga i measc leana\u00ed \u00f3ga. T\u00e1 taith\u00ed fhairsing aici ag obair mar theiripeoir sa Roinn Sl\u00e1inte. T\u00e1 taith\u00ed aici le togra\u00ed \u00e9ags\u00fala don Roinn Oideachais mar chuid den Chomhairle N\u00e1isi\u00fanta um Oideachas Speisialta chomh maith.<\/p>\n"]