![](/wp-content/themes/yootheme/cache/53/rteinternship-53099901.jpeg)
Seimineár gréasáin eolais ar chlár Intéirneachta RTÉ 2024
Seimineár gréasáin eolais ar chlár Intéirneachta RTÉ 2024
Lecture / TalkTáimid ag óstáil seimineár gréasáin eolais ar a ndéanfar an intéirneacht, an próiseas iarratais agus athruithe nua agus iontacha ar an gclár i mbliana a phlé.
Is deis a bheidh san intéirneacht do dhaoine aonair a bhfuil a gcroí sna meáin chumarsáide na chéad chéimeanna ina ngairm a ghlacadh.
Tá intéirneachtaí ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon agus táimid ag lorg cruthaitheoirí ábhair, sár-réaltaí fuaime agus fathaigh teicneolaíochta atá díograiseach agus díocasach.
30-45 nóiméad a mhairfidh an seimineár gréasáin agus tá an nasc chun clárú dó thíos:
- Gach intéirneacht: 17 Eanáir, 1-2 pm (beidh ateangaire ISL agus caint go téacs ar fáil). https://rte-ie.zoom.us/webinar/register/WN_PmIRSfCdQuermvydU9jogg
- Intéirneachtaí Gaeilge: 18 Eanáir, 1-2 pm (i nGaeilge). https://rte-ie.zoom.us/webinar/register/WN_kCdWlL4RTmWxwrRJw_K6JQ
- Intéirneacht Spórt: 19 Eanáir, 1-2 pm https://rte-ie.zoom.us/webinar/register/WN_xuBXKCKYS6y3LRZEkKMK5w