![](/wp-content/themes/yootheme/cache/9d/7482158b-2acf-4b72-8a5c-9b8ea37be724-9d881952.jpeg)
Siúlóid Bláthanna Fiáine as Gaeilge – Inis Meáin
Siúlóid Bláthanna Fiáine as Gaeilge – Inis Meáin
@ Inis Meáin, Oileán Árann
Arts and EntertainmentBain lán do shúl as áilleacht Inis Meáin agus foghlaim faoin réimse leathan bláthanna fiáine a fhásann ann.
Ar an tsiúlóid seo in éindí le hAedín Ní Thiarnaigh, gheobhaidh rannpháirtithe léargas siamsúil, bríomhar ar bhláthanna fiáine Inis Meáin. Tabharfar leideanna maidir le conas bláthanna éagsúla a aithint, pléifear an béaloideas a bhaineann leo agus roinnfear eolas maidir le húsáidí na bplandaí sa chócaireacht, sa leigheas agus sa cheardaíocht.