![](/wp-content/themes/yootheme/cache/1e/TF-2023-Sabhail-an-Data-1-1e5e1c7e.png)
Tionól Forbartha 2023
Tionól Forbartha 2023
@ Óstán Slieve Russell, Contae an Chabháin
Festival Lecture / TalkComhdháil Oideachais/Forbairt Ghairmiúil do mhúinteoirí is phríomhoidí
Beidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2023 ar siúl in Óstán Slieve Russell, Contae an Chabháin, ar an 10 Samhain 2023. Bí linn don ócáid fhíorspeisialta seo agus Gaeloideachas ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód. Seo an chomhdháil oideachais is mó atá saindírithe ar earnáil an oideachais lán-Ghaeilge agus beidh rogha leathan ceardlann ar siúl tríd an lá do mhúinteoirí is phríomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile, araon.
Beidh clár lán le cainteanna agus ceardlanna suimiúla ann arís i mbliana. I measc na réimsí a bheidh á bplé, tá:
-An Ghaeilge Chumarsáide/Teanga an tSóisialaithe
-Saibhreas Teanga
-Cúrsaí teicneolaíochta
-An Luath-thumoideachas
-An t-aistriú ón mbunscoil chuig an iar-bhunscoil
-Bunú agus Buanú Ranganna Speisialta
-An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga
-Gairmeacha le Gaeilge – Deiseanna agus Cur Chuige
-Cultúr agus cothú na folláine
Tá ionadaíocht ar fáil tríd an gcóras OLCS d'ionadaí amháin do gach scoil.
Tá deis ann go fóill ag do scoil clárú don ócáid agus tá ráta laghdaithe ar fáil do scoileanna a bhfuil ballraíocht acu le Gaeloideachas, scoileanna le príomhoidí nuacheaptha, scoileanna oileáin, agus eile. Tá spásanna teoranta ann, áfach, agus nuair a bheidh siad díolta amach, ní bheidh muid in ann glacadh le níos mó, faraor.
Beidh Aonach Seastán ann le breis is 30 foilsitheoir, comhlacht agus eagraíocht Ghaeilge nó oideachais linn.
Beidh siamsaíocht ann ó The Bonny Men ag mórdhinnéar ceiliúrtha an Tionóil Forbartha agus beidh neart rudaí eile ar siúl tríd an lá. Beidh seisiún ceoil agus teacht le chéile neamhfhoirmiúil ar siúl an oíche roimh ré, oíche Dhéardaoin, óna 20.30 ar aghaidh.