![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F05%2FUniversitycollegedublinlogo-e1653398340924.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=b3b5e66d)
Tionól Gaeilge UCD – Scoil Samhraidh do Dhaoine Fásta
Tionól Gaeilge UCD – Scoil Samhraidh do Dhaoine Fásta
@ Choláiste Ollscoile BÁC
Festival Lecture / TalkBeidh Gaeltacht UCD, Ionad Domhanda UCD don Teanga agus don Chultúr ag reáchtáil Tionól Gaeilge UCD, scoil Samhraidh do dhaoine fásta, 27 Meitheamh- 1 Iúil 2022. Seo an 5ú bliain don scoile a bhíonn lonnaithe ar champas Belfield, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, BÁC 2. Beidh ranganna teanga á reáchtáil ag 5 leibhéal i gcomhar le Gaelchultúr agus beidh léachtaí agus ceardlanna cultúrtha sa tráthnóna. Beidh lóistín nua-aimseartha ar fáil ar champas Belfield.
D'oirfeadh an cúrsa seachtaine seo dóibhsean gur mhian leo iad féin a thumadh sa teanga agus barr feabhas a chur ar a gcuid scileanna. Bheadh sé ina buntáiste acusan a oibríonn leis an dteanga cheana féin agus/nó a bheidh ag obair léí sa todhchaí ag éirí as Acht na dTeangacha leasuithe 2021. D'oirfeadh sé dóibhsean freisin a chuireann spéis i staid reatha na teanga agus an cultúr a bhaineann léí. Is deis iontach í an Tionól chun cur led' eolas ar an dteanga agus aithne a chur ar chainteoirí eile.
Is feidir clarú anseo: https://www.ucd.ie/irish/ga/teanga/scoilsamhraidhidirnaisiunta/
![](https://peig.ie/wp-content/uploads/2022/05/Tionol-timetable-May-2022-v3.1-1-scaled.jpg)