Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs

Oifigeach Eagrúcháin

Labhair Foireann PEIG.ie le Nigel ar na mallaibh faoina ról ag obair in eagraíocht Ghaeilge agus faoin méid a bhí mar spreagadh dó gairm bheatha leis an teanga a roghnú i ndiaidh dó a chuid oideachais a chríochnú.

Cad is ainm duit?

Nigel Govan

Cén earnáil ina bhfuil tú ag obair?

Oibrím in earnáil na Gaeilge faoi láthair, leis an gcomhlacht Gael Linn.

Cad a bhí mar spreagadh duit dul ag obair leis an nGaeilge?

I ndiaidh dom céim a bhaint amach, ní raibh mé go hiomlán cinnte céard a bhí uaim. Thuig mé ag an tráth sin gur mhaith liom cur le stádas na Gaeilge in Éirinn nó ar an gcoigríoch. Ach an rud ba mhó a chuir i dtreo earnáil na Gaeilge mé ná an tréimhse a chaitheamh thall sa Bhruiséil i mbun tréimhse oiliúna.

Le linn na tréimhse sin, chonaic mé cé chomh bródúil is a bhí gach aon duine a bhí ag obair liom, ní hamháin in Aonad na Gaeilge ach in aonaid éagsúla as a gcultúir féin. I ndiaidh dom filleadh abhaile, ní raibh spéis dá laghad agam cur isteach ar aon phost nach raibh bainteach leis an nGaeilge. D’fhéadfá a rá go gcabhraíonn tréimhse sáite i gcultúr eile le tábhacht agus luach do chultúir féin a thuiscint.

Cad é an cúlra oideachais atá agat? An raibh baint ag an nGaeilge leis?

Bhí baint láidir ag an nGaeilge le m’oideachas go háirithe i ndiaidh na meánscoile. Rinne mé bunchéim i nGaeilge agus Spáinnis i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. I ndiaidh na bunchéime, rinne mé máistreacht san áit chéanna dírithe ar an aistriúchán mar aon le gnéithe eile a bhaineann leis an nGaeilge. Tar éis na máistreachta, chaith mé seal in Óstaí an Rí chun an tArd-Dioplóma san aistriúchán dlíthiúil a bhaint amach agus faoi láthair tá cúrsa ar siúl agam in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le bheith cáilithe mar theagascóir corpacmhainne agus traenálaí pearsanta.

Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do phost?

An éagsúlacht agus an spreagadh pearsanta a fhaighim uaidh.

An mbíonn an Ghaeilge in úsáid agat lasmuigh den obair? Céard iad na deiseanna atá ann?

Bíonn, labhraím Gaeilge i measc cairde ón ollscoil nuair a bhuailim leo ach tá clubanna is foirne éagsúla timpeall Átha Cliath lenar féidir Gaeilge a labhairt.

Cad iad na príomhdhualgais a bhíonn agat?

Bím freagracht as suíomh Gael Linn faoi láthair agus na meáin shóisialta a bhíonn in úsáid againn. Uaireanta, bím ar an mbóthar ag bualadh isteach chuig scoileanna nó ag freastal ar chomórtais agus rudaí éagsúla.

Cad a mholfá do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an nGaeilge?

Má tá sibh ar an ollscoil, mholfainn páirt a ghlacadh in imeachtaí atá eagraithe ag na cumainn ghaelacha, bhuailfeá le daoine éagsúla ann agus chloisfeá faoi poist éagsúla a mbeadh baint acu leis an nGaeilge. Mura bhfuil sibh ar an ollscoil nó mura bhfuil spéis agaibh freastal ar an ollscoil, mholfainn bualadh isteach chuig grúpa nó club áitiúil a bhíonn ag plé leis an nGaeilge i do cheantar, mura bhfuil a leithéid ann, mholfainn ceann a chruthú. Ná bíodh faitíos oraibh post nua le Gaeilge nach bhfuil ann faoi láthair a chruthú. Smaoinígí ar rudaí a bheadh taitneamhach is tairbhiúil le cur ar fáil don phobal.

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge