Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-fainne-sine-seolta-ag-conradh-na-gaeilge

‘An Fáinne Sine’ seolta ag Conradh na Gaeilge

Tá ‘An Fáinne Sine’ seolta ag Conradh na Gaeilge agus é ar fáil anois sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair agus ar shuíomh idirlín na heagraíochta teanga.

Tá an Fáinne Sine i measc na ndearaí nua a d’fhógair Conradh na Gaeilge inniu, lena n-áirítear ‘an Fáinne Cluaise’, ‘an Fáinne Boilg’, agus ‘an Fáinne Sróine’, mar chuid dá fheachtas leanúnach an Fáinne Óir a chur i mbéal an phobail.

Le tamall de mhíonna anuas, tá an Conradh ag cur an tsuaitheantais bhig go mór chun cinn agus súil acu an ghlúin óg a spreagadh leis an bhFáinne a chaitheamh arís. 

Chuir Cumann Lúthchleas Gael feachtas ar bun leis an bhFáinne a chur chun cinn i measc bhaill CLG agus réaltaí na heagraíochta Declan Hannon agus Paul Conroy ina n-ambasadóirí dó. Chomh maith leis sin, seoladh leathanach nua Instagram, Humans of An Fáinne, cúpla mí ó shin leis “an íomhá atá ag daoine áirithe” de lucht caite an Fháinne a athrú. 

Tá súil ag an gConradh go meallfadh na dearaí nua a seoladh inniu tuilleadh daoine óga leis an bhFáinne a chaitheamh i suíomhanna éagsúla sóisialta. 

“Tá dearadh an Fháinne tar éis athrú cúpla uair le 100 bliain anuas, ón bhFáinne mór millteach a chaití ar bhóna seaicéid, Fáinne Dev mar a thugtar air scaití, go dtí an dearadh beag néata atá againn sa lá atá inniu ann. Is féidir an Fáinne sin a chaitheamh ar go leor rudaí, ach de réir suirbhé a rinne an comhlacht Millward Brown dúinn i mbliana, ní chaitheann go leor cainteoirí Gaeilge an Fáinne toisc ‘nach bhfeileann sé dá gcuid éadaí’.

“Tharraing muid an cheist anuas ag pléghrúpaí a rinneadh le breis agus 80 eagraíocht teanga, Thuaidh agus Theas, agus ba léir dúinn ansin nár ghá an dearadh a athrú ach dearaí nua a chur ar fáil do ghlúin nua cainteoirí Gaeilge,” a dúirt urlabhraí de chuid Chonradh na Gaeilge le NÓS. 

Dúirt sé go gcabhródh sé le cainteoirí Gaeilge iad féin a aithint in “go leor suíomhanna sóisialta neamhthraidisiúnta” agus “go spreagfadh sé comhráite Gaeilge in áiteanna nár chualathas an Ghaeilge riamh cheana”. 

“Tá scéalta cloiste againn go léir faoi dhuine a bhí ar saoire agus a thosaigh ag caint le cara faoi dhuine dathúil ina aice leo, agus gur nocht an duine sin tar éis fiche nóiméad de phlámás gur cainteoir Gaeilge a bhí ann. Ní tharlódh a leithéid dá mbeadh an Fáinne Boilg nó an Fáinne Sróine á chaitheamh aige! 

“Is iomaí uair freisin a chuaigh mé féin abhaile le duine ó chlub oíche agus mé ag spalpadh Béarla leis agus gan a fhios ag ceachtar againn gur cainteoir Gaeilge an duine eile. Bheadh mé in ann a bheith ag Gaeilgeoireacht go maidin dá n-aithneodh sé an Fáinne Sine nuair a éiríonn rudaí níos paiseanta ar ball,” a dúirt an t-urlabhraí. 

Tá comórtas grianghraif fógartha ag an gConradh freisin agus iad ag lorg pictiúr ó lucht caite an Fháinne agus na dearaí nua á gcaitheamh acu in áiteanna éagsúla ar fud an domhain. Beidh duaiseanna speisialta ann don phictiúr is faide ó bhaile, don phictiúr is fearr, agus don phictiúr is greannmhaire. 

Is féidir an Fáinne Sine, an Fáinne Cluaise, an Fáinne Boilg, agus an Fáinne Sróine, chomh maith leis an bhFáinne traidisiúnta, a cheannach anseo. 

Níos mó
NÓS | NÓS