Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

An mó luach foirgnimh ná luach an duine?

| Dáithí Anraí | ,

Dónall Mac Giolla Chóill

Agus tú á léamh seo, beidh Domhnach Cásca curtha díot.

Beidh an uaineoil ite ach, agus seo nós úr domsa, níor ith muid uaineoil ag an Cháisc i Mín an Chladaigh – ní chuirfeá uan amú sula bhfaighfeá go leor olla ón ainmhí bhocht.

An tseachtain seo caite, an tSeachtain Naofa, an tSeachtain Mhór, chuaigh ardeaglais Notre Dame de Paris trí thine.

Níor maraíodh duine ar bith mar gheall air.

An tseachtain seo caite níor tharla Breatimeacht.

Ní bhfuair duine ar bith bás dá dheasca.

I rith na seachtaine, chuir scaifte de ghníomhaithe éiceolaíochta bac ar an taisteal i lár Londan, agus níor cailleadh duine ar bith dá bharr.

Le seachtain anuas fuair na mílte duine bás, mar gheall ar sheanaois, de dheasca ocrais, mar go raibh taisme acu, agus níor bhac duine ar bith leis seo, tá na mílte básaithe ar fud na cruinne, ó thosaigh tú ag léamh an ailt seo, agus ní ormsa an locht.

Déardaoin seo caite bhí mé ag obair, agus d’inis mo chomhghleacaithe dom go raibh sé faoi dheifir le dhul ‘na bhaile le haghaidh fáire aintín leis a fuair bás go tobann agus gan ach corr agus trí scór bliain bainte amach aici.

Anois agus mé breis agus dhá scór, tá trí scór óg.

Nuair a phillim ‘na bhaile ní chuirim ceist faoi chomharsanaigh, tá leath acu marbh, agus shíl mé gurbh fhearr gan tuairisc a chur ar an leath eile, ar mhaithe leo féin.

Ach leis an oiread sin a fuair bás ó thús an ailt seo, agus aithne ag gach duine den triúr agaibh a léann seo ar dhaoine a fuair bás le bliain anuas abair, nach iontach an rud é an freagra a fuair Notre Dame?

Maithe agus móruaisle an domhain seo, Eilís II Shasana, Donald Trump Mheiriceá – eisean a thug comhairle via Twitter ar an bhealach is fearr leis an tine a mhúchadh – agus go leor eile nach iad, atá chomh tógtha faoin ‘tragóid’ seo.

Gheall leithéidí Bernard Arnault, Francois-Henri Pinault agus a bhean céile Salma Hayek agus muintir Bettencourt ar leo an comhlacht smididh L’Oreal agus an comhlacht ola Total, na céadta milliún euro leis an ardeaglais a chóiriú.

A chóiriú, ní a atógáil, níor dódh go talamh é, níor loisceadh gach cloch di, dódh cuid de.

Agus níor maraíodh duine ar bith le linn na tine.

Ach tá choir a bheith billiún euro geallta, ag mórchomhlachtaí, a bheidh ag an am céanna ábalta cúiteamh cánach a fháil ar áis ón stát.

Ach cén dochar, ní bhfuair duine ar bith bás.

Ach tá airgead gann, níl go leor againn le maoineadh a chur ar fáil d’otharlanna, agus níl na comhlachtaí móra déanta leighis ábalta na drúgaí a chur ar fáil do na tíortha seo nach bhfuil an t-airgead acu le caitheamh ar na bochtáin.

Ach thig linn buamaí niúcleacha a cheannach sna tíortha céanna, agus thig linn cogadh a chur ar siúl ar fud na cruinne.

Ach tá breis agus billiún euro baillithe taobh istigh de sheachtain amháin le cóiriú a dhéanamh ar dhíon ardeaglaise.

Má thosaím abairt amháin eile le ‘ach’ scaoilfidh an t-eagarthóir mé, agus níor mhaith liom go fóill beag cur le líon na marbh.

Cén freagra a bhí ar Grennfell, áit ar maraíodh níos mó na seachtó duine?

Cén freagra a bhíonn ar aon mhórthragóid ach na gnáthdhaoine, an chosmhuintir ag cuntas na bpingineacha, ag bailliú airigid?

Cá mbíonn na billiúnaithe nuair atá an cine daonna ag caoineadh, agus ag glaoch ón duibheagán, ag iarraidh cuidigh?

Seo, an Cháisc thart, an tAiséirí curtha i gcrích, agus cá bhfuil muidne, mar phobal, agus uisce ár gcinn á dhoirteadh againn mar gheall ar Notre Dame?

Sín chugam ubh Chásca eile, má tá ceann ar bith fágtha.

Níos mó