Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<div-class="credit-tuairisc"></div>-cathair-an-chultuir-agus-boithre-chonamara-–-comhairleoiri-ag-an-gcrosbhothar-sa-teach-doite

Cathair an Chultúir agus bóithre Chonamara – comhairleoirí ag an gcrosbhóthar sa Teach Dóite

| Tuairisc.ie |

Bhí grúpa ó Choiste Bóithre Chonamara i mbun agóide ar an Teach Dóite inné ar mhaithe le meabhrú do Chomhairleoirí Contae as chuile chearn de chontae na Gaillimhe gur theastaigh tuilleadh airgid le haghaidh na mbóithre in iarthar an chontae. Ba é an cruinniú deireanach é den Chomhairle a toghadh cúig bliana ó shin.

Reáchtáladh é sa Teach Dóite ó tharla go raibh an Cathaoirleach, Seán Ó Tuairisg as Cois Fharraige agus as Corr na Móna ó dhúchas ag críochnú a théarma.

Is deacra go mór caoi a choinneáil ar bhóithre Chonamara ná ar bhóithre in oirthear na Gaillimhe; ní hionann an tíreolaíocht thoir agus thiar.

Níor fheil an tíreolaíocht áitiúil ar an Teach Dóite lucht na hagóide inné ach an oiread. Tá cúpla bealach isteach chuig Óstán an Tí Dhóite agus dá réir sin ba dheacair bleid a bhualadh ar chuid mhaith de na comhairleoirí.

Bhí leithéidí an Chomhairleora Michael Finnerty as Béal Átha na Sluaighe, ar imeall thoir an chontae, ar dhuine acu siúd a bhí ag comhrá leis an lucht agóide. Dúirt an Comhairleoir Finnerty go bhfuil sé feicthe aige féin go dtroideann comhairleoirí Chonamara go láidir ar mhaithe leis an gceantar sa gComhairle Contae. Ach, tá cruóganna airgid ann, a deir sé, agus gan ‘cent le spáráil’.

I ndeireadh na cúise, ag teannadh leis an ardtráthnóna glacadh le moladh sa seomra cruinnithe go gcoinneodh an Chomhairle Contae greim ar an airgead a íoctar ar cháin bhóthair agus ar an gcáin mhaoine sa gcontae agus go gcaithfí sa gcontae é. ’Sé an socrú atá ann anois – agus ar fud na tíre – ná go gcuirtear 20% den airgead seo díreach isteach i gciste an Stáit i mBaile Átha Cliath.

An Comhairleoir Tomás Ó Curraoin a mhol an rún agus dúirt sé gur cheart an t-airgead a choinneáil siar nó go bhfaigheadh Comhairle Chontae na Gaillimhe cothrom na Féinne as Baile Átha Cliath.

Tá sé ina údar gearáin i gComhairle Chontae na Gaillimhe le fada nach bhfaightear an lear airgid atá dlite dóibh as an lárchiste náisiúnta.

Thacaigh an Comhairleoir Thomas Healy as Conamara freisin leis an moladh.

Cé nach raibh aon rabharta glórtha teann láidir ón urlár i bhfabhar an mholta seo, ghlac an Cathaoirleach, Seán Ó Tuairisg leis go raibh glactha leis an rún.

’Sé an t-adhmad atá le baint as seo uilig ná go mbeadh níos mó airgid le caitheamh ar bhóithre, agus ar sheirbhísí eile na Comhairle Contae, dá mbeadh tuilleadh airgid acu. Ach, de réir reachtaíochta na tíre faoi láthair ní féidir rún mar seo a chur i bhfeidhm. 

Réiteofar Buiséad na Comhairle Contae sna míonna deiridh  den  bhliain ach ní bheifear in ann an rún a ritheadh inné a chur i bhfeidhm – sin muna dtiocfadh athrú ar an dlí.   

Ach b’fhada ó dheireadh na bliana a bhí intinn fhormhór na gComhairleoirí ar an Teach Dóite i gConamara inné. Tá claí mór na polaitíochta le cur díobh acu ar an 24 Bealtaine – toghchán.

Ach ní raibh deireadh ráite inné nó gurbh éigean do Chomhairleoirí Contae na Gaillimhe dris chosáin pholaitíochta a chur díobh. Céard faoi chúpla milliún euro as ciste Chomhairle Chontae na Gaillimhe a chur ar fáil do chathair na Gaillimhe? Nó le bheith níos beaichte faoin scéal, Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Bhí an réiteach don Chathair Chultúir ina chineál praiseach ar feadh scaitheamh maith ach tá an traein ar ais ar an ráillí aríst, de réir cosúlachta. Ach céard faoin dris chosáin ar an Teach Dóite?

Dhá milliún euro a bheadh ag teastáil le cur i gciste Chathair Chultúir na hEorpa, más é bhur dtoil é, a deir Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae, Caoimhín Ó Ceallaigh leis na comhairleoirí contae.

Mhínigh an Príomhfheidhmeannach go mbeadh buachtáil ag an gcontae uilig ar an gceiliúradh mór cultúrtha seo a thabharfadh na mílte go Gaillimh agus na milliúin euro lena gcois. Chaithfí €1.5 milliún den airgead seo ar imeachtaí a bheadh ar bun in ionaid taobh amuigh den chathair mar chuid den cheiliúradh agus bheadh €500,000 á choinneáil siar ar mhaithe le bonn a choinneáil faoi imeachtaí a thosófaí le linn na bliana cultúir.

Focal ní raibh cloiste aige féin ó aon duine faoi Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, a deir an Comhairleoir Jim Cuddy agus é ag stocaireacht i gceantar Bhaile Átha an Rí agus an Óráin Mhóir. Tá an Chomhairle Contae ar an dé deiridh cheal airgid, a deir an Comhairleoir Jimmy McClearn as Cill Íomair in oirdheisceart na Gaillimhe. “Dá dtiocfadh muid isteach anseo inniu ag iarraidh €2 milliún le haghaidh rud éigin eile sa gcontae, an mbeadh seans dá laghad ann go bhfaigheadh muid é?” a d’fhiafraigh an Comhairleoir Seán Cunniffe as Tuaim.

Mhínigh an Príomhfheidhmeannach go bhféadfaí an €2 milliún le haghaidh Chathair Chultúir na hEorpa a fháil as airgead a bhí sábháilte as aisíocaíochtaí bainc agus de bharr ús níos ísle a bheith le híoc le riar blianta.

Labhair leithéidí an Chomhairleora Peter Feeney as Baile Átha an Rí, Tom McHugh as Tuaim agus Eileen Mannion as an gClochán go láidir ar mhaithe le moladh an Phríomhfheidhmeannaigh go dtabharfaí an €2 milliún do chiste Chathair Chultúir na hEorpa. Bhí roinnt comhairleoirí ag moladh go bhfágfaí an cinneadh ag an gcéad ghrúpa eile comhairleoirí contae a bheidh ann tar éis an toghcháin, an 24 Bealtaine. Ach dúirt an Príomhfheidhmeannach gur theastaigh an t-airgead mar go raibh socruithe le déanamh le healaíontóirí idirnáisiúnta – mar shampla amháin – agus faoi ghnéithe eile den bhliain 2020, gan mhoill.

Sa deireadh glacadh d’aon ghuth leis go dtabharfaí €2 milliún do chiste Cathair Chultúir na hEorpa 2020.

Bhí sé ina ardtráthnóna. Bhí Comhairleoirí as oirthear na Gaillimhe ag teannadh soir aríst agus feidhmeannaigh na Comhairle Contae chomh maith.

Bhí an dream a bhí ag agóidíocht ar an Teach Dóite ar maidin ag tornáil leo abhaile ar bhóithre casta Chonamara.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Máirtín Ó Catháin