Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
eitilt-saghas-corrach-e-dj-kicks

‘Eitilt saghas corrach é Dj-Kicks’

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Cad é seo, go díreach? Tugann an léiritheoir/cumadóir ceanndána Laurel Halo faoi eagrán 68 sa tsraith sheanbhunaithe DJ-meascáin Dj-Kicks a chur le chéile.

As Ann Arbor, Michigan ó dhúchas do Halo ach tá sí ag cur fúithi in Berlin. Bíonn sí ag eisiúint ceoil ar lipéid cheannródaíocha mar Hyperdub agus Latency. 

Cé go n-athraíonn blas ceoil féin-léirithe Halo ó eisiúint go heisiúint mar DJ, tá claonadh aici i dtreo ceol dúshlánach ilrithimiúil agus rianta teicneó griotalach le béim ar na minicí arda seachas ar an ndord.

Bí ag súil le rianta eisiacha a chlos ar DJ-Kicks ó Ikonika, Machinewoman, FIT Siegel, Nick León agus Laurel Halo féin chomh maith le seoda dearmadtha ó sheanfhonndúirí mar Blake Baxter agus Jeff Mills/Final Cut.

 

An bhfuil aon mhaith ann? 

Meascán garbh, míshuaimhneach é DJ-Kicks, agus Halo a stracadh tríd 29 rian in achar 60 nóiméad. 

Tá brí leis mar mheafar don ndiabháil atá déanta ag brabhsáil ar an idirlíon d’achar airde an duine, b’fhéidir, ach seachas sin níl sé soiléir cén fáth go bhfuil beartaithe ag Halo gan spás anála a thabhairt dá rogha rianta, nó d’éisteoirí DJ-Kicks féin, fiú.

Tá ceol den scoth anseo, is fíor, ach ní leor 2.06 nóimead ar an meán do gach rian. 

Is maith liom func corrach ‘Poliwhirl’ de chuid Facta, agus atmaisféar briosc-ach-liobarnach ‘Plastic PQ’ le Yamaoka, ach tá blas rómhór ar an mbeagán díobh atá á sholáthar ag Halo anseo le mo chluasa a shásamh. 

Ditto an rogha spéisiúil de rianta sa stíl gqom ó Graffit Vigo, Panda Lassow agus Dario Zenker a nochtaíonn Halo sa leath slí tríd Dj-Kicks. 

Léiríonn an ghluaiseacht bhreá ó acid house fuinniúil ‘Funky World’ de chuid Blake Baxter trí bhlípeanna bearránacha ‘Freakey Keke’ le Kiki Kudo isteach in EBM róbatach ‘Ketabali’ le Group A na Gearmáine cumas teicniúil Halo ach domsa níl a dhóthain measa aici ar thábhacht leanúnachais fuinnimh an dj-meascáin. 

Mar sin féin, éiríonn le rogha dána Halo feidhm a bhaint as veidhlíní scrábach ‘Brian’s Having A Party’ leis an gcumadóir trialach Geoffrey Landers mar dhroichead idir acid trance Aos agus dord-teicneó Via Maris.

 

Laigí?  Easpa foighne in áiteanna agus cur chuige ró-intleachtúil áiteanna eile, go bunúsach.  

Dá mbeadh dhá thrian an oiread rianta roghnaithe ag Halo agus dhá oiread an méid ama caite aici i mbun machnaimh ar conas iad a mheascadh le chéile is chun leasa DJ-Kicks a bheadh sé.

An breithiúnas? Rogha spéisiúil rianta idir dhúshlánach agus dhinimiciúil ach eitilt saghas corrach é Dj-Kicks nuair is Halo atá i gcró an phíolóta.

____________________________________________

Tá Laurel Halo DJ-Kicks le fáil anois ar lipéad !K7

Níos mó
NÓS | NÓS