Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
glactha-ag-an-rialtas-le-bille-a-thabharfadh-deis-doileanaigh-votail-an-la-ceanna-leis-an-gcuid-eile-den-tir

Glactha ag an Rialtas le bille a thabharfadh deis d’oileánaigh vótáil an lá céanna leis an gcuid eile den tír

| Tuairisc.ie |

Ghlac an Rialtas inniu le reachtaíocht a thabharfadh deis do vótóirí na n-oileán vótáil an lá céanna leis an gcuid eile den tír.

An Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív a dhréachtaigh an reachtaíocht ar glacadh leis ag cruinniú rialtais inniu.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne tráthnóna gur chinn an Rialtas tacú leis an mbille mar “gurb é an rud ceart le déanamh” agus mar go raibh a leithéid á éileamh le blianta fada ag muintir na n-oileán.

Dúirt an tAire Stáit gur dhócha nach mbeadh an reachtaíocht nua imithe tríd an Oireachtas in am do na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar an 24 Bealtaine ach go raibh súil aige go mbeadh sí i bhfeidhm don “toghchán ina dhiaidh sin”.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna, dúirt Éamon Ó Cuív go raibh sé “thar a bheith sásta” go raibh “céim mhór eile glactha inniu san in aistear fada an bhille seo”.

Dúirt sé go raibh roinnt bheag leasuithe teicniúla le déanamh ar an mbille nuair a bhainfeadh sé céim an choiste amach ach go raibh súil aige nárbh fhada go mbeadh glactha leis sa Dáil.

Faoin mbille seo leasófaí an fhoráil a cheadaíonn do Cheann Comhairimh toghcháin a reáchtáil ar oileáin roimh an gcuid eile den tír, rud a dúradh a cheileann feachtas iomlán toghchánaíochta ar mhuintir na n-oileán.

Is é aidhm bhille Uí Chuív deis a thabhairt d’oileánaigh vótáil an lá céanna leis an gcuid eile den tír i reifrinn, toghcháin Dála agus uachtaránachta. Faoin mbille seo, dhéanfaí alt 85 den Acht Toghchán 1992 agus alt 42 den Acht Toghchán Uachtaránachta 1993 a leasú, faoina gceadaítear vótáil a reáchtáil ar na hoileáin suas le cúig lá roimh lá na vótála ar an mórthír. 

Thabharfadh an leasú seo cead don Cheann Comhairimh córas iompair a fhostú lena chinntiú go mbeadh na boscaí vótála ag an ionad comhairimh ag a naoi a chlog an mhaidin i ndiaidh lá na vótála.

Dúirt Éamon Ó Cuív tráthnóna nach raibh “aon chosc ar Cheann Comhairimh gníomhú de réir spiorad an Bhille agus toghcháin na míosa seo chugainn a a reáchtáil ar na hoileáin an lá céanna leis an gcuid eile den tír”.

“Tá dóchas agam fiú mura mbeidh sé achtaithe in am go ndéanfar sin ó tharla gur léir anois go bhfuil toil an Rialtais agus toil traspháirtí ann don reachtaíocht seo,” arsa Éamon Ó Cuív.

Is fada é á mhaíomh ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nach raibh sé ceart ná cothrom go raibh sé níos deacra ag oileánaigh a vóta a chaitheamh ná daoine eile sa tír. 

Mhol Ó Cuív cheana  ‘Acht Shéamuis Jaimsie’ a thabhairt ar an reachtaíocht nua a cheadódh do mhuintir na n-oileán vótáil an lá céanna leis an gcuid eile den tír.

Is mar chomhartha ómóis do Shéamus Jaimsie Ó Flaithearta, an fear pobail aitheanta as Fearann an Choirce, Inis Mór a bhásaigh anuraidh, a mhol an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go dtabharfaí ‘Acht Shéamuis Jaimsie’ ar an reachtaíocht nua.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie