Glórtha Uladh – Diane Ní Chanainn
Tá muid ar ais lenár sraith, Glórtha Uladh!
Sa tsraith seo beidh muid i gcuideachta amhránaithe de bhunadh Chúige Uladh agus iad i mbun amhránaíochta ar stíl an tsean-nóis.
Bhéarfaidh na ceoltóirí ar leith seo léargas ar a gceantar dúchais dúinn agus foghlaimeoidh muid faoin stair agus faoin oidhreacht a bhaineann le cuid de na hamhráin sean-nóis is clúití in Ultaibh.
An tseachtain seo tá muid i dTír Chonaill agus muid i mbun comhrá leis an amhránaí binn galánta, Diane Ní Chanainn.
Cosúil le go leor de na hamhránaithe a bhí againn go dtí seo sa tsraith, tá Diane ag gabháil don cheol traidisiúnta agus don amhránaíocht ó bhí sí ina girseach óg.
Spreag a hathair, John, Diane i dtreo an cheoil an chéad lá ariamh agus níor stad sí ó shin.
Bíonn Diane ag teagasc ranganna amhránaíochta i dTír Chonaill agus i mBéal Feirste agus glacann sí páirt sna comórtais sean-nóis ag an Oireachtas gach bliain fosta.
Sheol Diane Ní Chanainn a céad albam i mbliana dar teideal ‘Idir Muir agus Sliabh’, agus tá ag éirí thar barr leis go dtí seo.
Tá bua an cheoil ag Diane gan amhras agus ba dhoiligh í a bhulaadh ag canadh leagan Conallach de na hamhráin sean-nóis is clúití.