Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
is-cosuil-go-dtiocfaidh-plean-ceart-on-mbreatain-agus-go-n-aontofar-sineadh-ama-coveney

‘Is cosúil go dtiocfaidh plean ceart ón mBreatain agus go n-aontófar síneadh ama’ – Coveney

Tá an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney den tuairim gur chosúil go gcuirfidh an Bhreatain ‘plean ceart’ faoi bhráid an AE agus go n-aontófar síneadh ama leis an mBreatimeacht sna laethanta amach romhainn.

D’fhreastail Coveney ar maidin ar chruinniú le hairí eile an AE i Lucsamburg.

“Teip dhochreidte ó thaobh na polaitíochta a bheadh i mBreatimeacht gan mhargadh agus caithfear a chinntiú nach dtarlóidh sin. 

“Ach cinnte ní foláir plean ceart a bheith ag dul leis an iarratas ar shíneadh ama má táthar le síneadh ama a aontú as seo go ceann trí lá –agus is dóigh liom gurb in é a tharlóidh,” arsa an Tánaiste Simon Coveney.

Beidh cruinniú mullaigh éigeandála ag ceannairí bhallstáit an AE amárach. Mura gcuirtear síneadh ama leis an mBreatimeacht fágfaidh an Ríocht Aontaithe agus gan aon mhargadh déanta acu Dé hAoine, is é sin mura vótálfaí chun Airteagal 50 a chur ar ceal.

Meastar go gcuirfear roinnt coinníollacha le haon síneadh ama a cheadófaí don Bhreatain, go háirithe ó mhol Jacob Rees-Mogg gur chóir don Bhreatain a bheith ina dealg faoi shúil an Aontais Eorpaigh agus cur as dá fheidhmiú más síneadh ama bliana a bheidh ann.

Is cosúil gur síneadh ama solúbtha bliana atá á mholadh ag an AE agus go ndéanfar a leithéid a thairiscint do Theresa May ag an gcruinniú mullaigh.

Síneadh ama go dtí an 30 Meitheamh atá á lorg ag Theresa May, dáta ar dhiúltaigh an AE dó cheana an mhí seo caite.

Ó shin i leith, tá tús curtha ag Príomh-Aire na Breataine le cainteanna le ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre in iarracht teacht ar chomhaontú traspháirtí faoin mBreatimeacht.

Dúirt príómh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh sna cainteanna Breatimeachta Michel Barnier inniu go gcaithfeadh an Bhreatain plean agus scála ama soiléir a leagan amach. Dúirt sé go rabhthas ag súil go mbeadh rath ar na cainteanna idir Theresa May agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre maidir le comhréiteach a fháil i dtaobh plean nua Breatimeachta.

Dúirt Barnier go gcaithfeadh aon phlean a bheith bunaithe ar an gcomhaontú aistarraingthe más faoin Ríocht Aontaithe an AE a fhágáil faoi dhea-eagar. 

Dúirt sé nach raibh aon leasú i ndán don chomhaontú sin ach go bhféadfaí an dearbhú polaitíochta a théann leis a leasú, dá mba mhian leis an Ríocht Aontaithe sin. 

Dúirt Barnier go mbeadh an tAE sásta aontas custam nua a thairiscint don Ríocht Aontaithe mar chuid den dearbhú polaitíochta.

Tá cruinnithe ag Theresa May inniu  le ceannairí na Fraince agus na Gearmáine, Emmanuel Macron agus Angela Merkel chun plé a dhéanamh ar a hiarratas ar shíneadh ama gearr ar an mBreatimeacht.

Shéan urlabhraí de chuid Rialtas na Gearmáine inniu go raibh athrú poirt ag Angela Merkel agus go mbeadh sí sásta go gcuirfí dáta éaga leis an gcúlstop, an polasaí árachais a cuireadh sa chomhaontú aistarraingthe chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Ní raibh “bunús ar bith” leis an scéal sin, a dúirt urlabhraí thar ceann Rialtas na Gearmáine.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie