Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
leagan-lego-de-theach-solais-fhanada-i-gcomortas-deartha

Leagan LEGO de Theach Solais Fhánada i gcomórtas deartha

Tá seans ann go mbeidh tú in ann mionsamhail oifigiúil LEGO de Theach Solais Fhánada, an teacht solais cáiliúil i bhfíorthuaisceart Ghaeltacht Thír Chonaill, a cheannach go luath. 

Ar shuíomh oifigiúil an chomhlachta LEGO, tá áis ann do dhearthóirí a smaoineamh féin do sheit nua LEGO a chur faoi bhráid an phobail agus faoi bhráid an chomhlachta féin. Má éiríonn leis an smaoineamh 100 vóta a fháil sa gcéad dá mhí, gabhfaidh sé ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile. 

Tá an chéim sin bainte amach ag an mionsamhail de Theach Solais Fhánada a dhear duine faoin ainm úsáideora JBMakemson. Agus 232 vóta faighte aige go dtí seo, tá 209 lá fágtha ag JBMakemsom an méid vótaí agus is féidir leis a mhealladh dá dhearadh agus an seans a bhuachan dul faoi bhráid na moltóirí oifigiúla LEGO. 

Tá an mionsamhail a dhear JBMakemson sách mór d’fhirín LEGO agus tá cuid de thírdhreach sceirdiúil Ghaeltacht Thír Chonaill curtha san áireamh aige ann freisin. Tá na dearadh thar a bheith cruinn agus d’aithneofaí go héasca an teach solais aitheanta, a tógadh breis agus 200 bliain ó shin le báid a bhí ag teacht i dtír ag Loch Súilí a chosaint. Tá dhá fhirín LEGO, bean agus fear, agus dhá dheilf san áireamh sa seit freisin. 

Tá a dtacaíocht tugtha don togra ag lucht an tí solais féin agus iarrtha acu ar a leantóirí ar na meáin shóisialta vótaí a chaitheamh don mhionsamhail ar shuíomh LEGO Ideas. Ní dhéanfar cinneadh faoin togra go ceann tamaill eile, agus, mar a bheifí ag súil leis, tá na mílte iarratas eile istigh ó gach cearn den domhan ar shuíomh LEGO Ideas. 

Áirítear Fánaid ar cheann de na trí áit is deise i nDún na nGall atá lonnaithe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is iad an dá áit eile ar an liosta Cionn Mhálanna agus Sliabh Liag.

Tá Teach Solais Fhánada 39 méadar ar airde agus cé go rangaítear é i measc na dtithe ‘farraige’, caitheann sé solas ar Loch Súilí freisin. Tógadh an teach tar éis don fhrigéad Saldana dul go tóin poill ar Chionn Fhánada sa bhliain 1812. Dúirt an Captaen Hill, ó Chabhlach na Breataine, nach mbeadh an long ar an ngrinneall dá mbeadh teach solais ar ‘Fannet Point’.

Ceadaíodh an teach solais a thógáil sa bhliain 1814. Lasadh an solas den chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig 1817. Chaitheadh sé solas seasta dearg amach ar an bhfarraige agus solas seasta bán ar an loch. Rinneadh athchóiriú ar an teach sa bhliain 1886. Cuireadh airde ar an túr agus cuireadh solas nua ag caochaíl ina bharr.

Más maith leatsa tacú leis an bhfeachtas ar shuíomh LEGO, níl le déanamh agat ach vóta a chaitheamh anseo! 

Níos mó
NÓS | NÓS