Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
nasc-le-cothu-idir-pobal-na-mohacach-agus-muintir-na-ceathrun-rua

Nasc le cothú idir pobal na Móhácach agus muintir na Ceathrún Rua

Táthar ag súil nasc nua a chruthú idir muintir na Ceathrún Rua agus pobal na Móhácach le scoláireacht nua Gaeilge-Móháicise.

Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne agus Ceann Fine Náisiún na Móhácach Joseph Tokwiro Norton a d’fhógair an scoláireacht tráthnóna, scoláireacht a thabharfaidh deis do scoláirí theanga na Móháicise ó cheantar Kahnawaketo i gCeanada freastal ar chúrsa Gaeilge ar an gCeathrú Rua.

Dámhachtain í seo a bheidh á riar ag Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada agus beidh an chéad scoláire Móháicise ar an gCeathrú Rua an samhradh seo. Tá an scoláireacht á chomhaoiniú ag an gComhairle Mhóháicise agus Roinn na Gaeltachta faoi scéim dámhachtainí chlár Gaeilge na Roinne.

I ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta amach tráthnóna dúradh go rabhthas ag súil “ceangail a chothú” idir na Móhácaigh agus muintir na Ceathrún Rua a bheadh “bunaithe ar chúrsaí teanga, cultúir agus pobail”.

James Kelly,  Joseph Tokwiro Norton, agus Seán Kyne TD. Pictiúr: Mark Stedman

Is pobal ársa iad Móhácaigh Kahnawá:ke (Kahnawákeró:non) atá ar cheann de na hocht pobal i náisiún na Móhácach. Cuid lárnach dá gcultúr agus dá bhféiniúlacht is ea an Mhóháicis, cé go bhfuil sí faoi bhrú ag an mBéarla.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go raibh sé ag súil go mór le fáilte a chur roimh na scoláirí as ceantar Kahnawaketo.

“Onóir a bheidh ann fáilte a chur roimh scoláire Móháicise chuig an gCeathrú Rua. Tá aithne agus eolas ar na Móhácaigh ar fud an domhain maidir leis an gcultúr saibhir agus an stair a bhaineann leo.  Mar aon le muintir na hÉireann, féachann siad chun cinn le fonn agus tá meas mór acu ar a dteanga agus a gcultúr.

“I gcás mhuintir na Ceathrún Rua, measaimid go bhféadfadh an scoláireacht seo a bheith ar an gcéad chéim i dtreo cairdeas ar leith a fhorbairt leis na daoine breátha seo.”

Dúirt Ceann Fine na Móhácach Joseph Tokwiro Norton go raibh sé ag súil le toradh na scoláireachta nua a fheiceáil.

Is léir go bhfuil go leor cosúlachtaí idir na Móhácaigh agus muintir na hÉireann – an sprid atá iontu, an tábhacht a leagann siad ar an stair agus ar an bpobal.  Tá éagsúlachtaí ann freisin agus sa chomhthéacs sin sílim go bhfuil go leor le foghlaim againn óna chéile – táimid ag súil go mór leis an scoláireacht seo,” arsa Joseph Tokwiro Norton.

Dúirt James Kelly, Príomhfheidhmeannach Ollscoil Éireann Cheanada:

“An misean atá ag an ICUF ná naisc a chothú idir Ceanada agus Éirinn, cur leis an gcairdeas agus an gcomhoibriú idir an dá thír. Ag smaoineamh ar Cheanada, ní mór dúinn smaoineamh ar na bundúchasaigh atá ansin leis na mílte blianta. Is cuid ríthábhachtach de shaol an lae inniu i gCeanada iad pobal na Móhácach agus tá ríméad orainn a bheith ag tacú leis an bpáirtnéireacht seo agus is mór an onóir dúinn é.”

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie