Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Poblacht Bholavarach Veiniséala faoi ionsaí arís

Kerron Ó Luain

Tá Veiniséala faoi ionsaí ag Stáit Aontaithe Mheiriceá le roinnt míonna anuas.

Gabh mo leithscéal, tá dul amú orm – tá Veiniséala faoi ionsaí ag SAM leis na blianta.

Faraor, is é seo an taithí fhuilteach atá go leor tíortha i Meiriceá Theas.

Má tá an clár faisnéise le RTÉ, a craoladh ar dtús sa bhliain 2002, The Revolution Will Not Be Televised,  feicthe ag éinne, beidh tuiscint mhaith acu ar cé chomh fada siar is a théann cur isteach SAM sa tír úd.

Rinneadh iarracht coup d’état a chur ar bun an t-am sin agus an tUachtarán cléach Hugo Chavez i gcumhacht.

D’éirigh le Chavez an lámh in uachtar a fháil ar iarrachtaí SAM agus an CIA an tráth sin.

Bhásaigh Chavez, a raibh grá mór ag an bpobal dó de bharr a bheartais sláinte agus tithíochta, sa bhliain 2013.

Tháinig Nicolás Maduro, iartiománaí bus, i gcomharba air go luath i ndiaidh a bháis agus bhuaigh sé toghchán a dheimhnigh an t-athrú sin ar ball.

Is é siúd atá ann go fóill, tar éis toghchán eile a bhuachan, agus Veiniséala anois in adharca le SAM in athuair.

Bhí SAM ionsaitheach i leith Veiniséala i gcónaí, ach le déanaí tá an t-ionsaí sin imithe i dtreise.

Ní aon chomhtharlú é go bhfuil na stoic ola is mó ar domhan ar fáil sa tír.

Ba ar an gcúis cheannann chéanna a rinne SAM, faoi cheannas George Bush Jr, ionradh ar an Iaráic sa bhliain 2003.

Meastar go bhfuair os cionn 1,000,000 duine bás de dheasca an bheartais sin.

Cé gur gheall an Trumpach go mion minic go gcuirfí deireadh le polasaithe ionsaitheacha Mheiriceá thar sáile agus é i mbun toghchánaíochta le linn 2016, ní hamhlaidh atá anois.

Is é Veiniséala atá thíos leis an mbréag sin faoi láthair.

Tá SAM, le cabhair lucht rachmais na tíre, ag brú polasaí idirghabhála ar an stát neamhspleách.

I mí Eanáir, tháinig polaiteoir de chuid an fhreasúra darb ainm Juan Guaido chun cinn.

Roimh an Nollaig, ní raibh tráchta cloiste ag formhór chosmhuintir Veiniséala ar an bpolaiteoir seo go fiú.

Sular chaith sé culaith dheas, bhí sé lárnach sna guarimberos.

Is grúpaí agóideoirí frithrialtais de chuid na heite deise iad an dream seo, agus is ríchuma leo na Chavistas a mharú chun a gcuid spriocanna a bhaint amach agus an tír a fhágáil ina cíor thuathail.

Ina ainneoin seo, is ceannaire dlisteanach na tíre é Guaido anois, dar leis féin agus a chairde i  Washington – leithéidí Mike Pompeo, an Státrúnaí, agus John Bolton, “Comhairleoir Slándála Náisiúnta” SAM.

Tá an tAontas Eorpach agus stát na Sé Chontae Fhichead tar éis a dtacaíocht a ghealladh do Guaido freisin.

Ar cuireadh ceist ar mhuintir na hÉireann an dtacóidís leis an gcoup seo?

Le filleadh ar Bholton – ní bhacann an feidhmeannach macánta le mianta Washington a cheilt go fiú.

I mí Eanáir d’admhaigh sé go lom “go ndéanfadh sé difear mór do na Stáit Aontaithe go heacnamaíoch dá mbeadh comhlachtaí ola Mheiriceá in ann infheistíocht a dhéanamh agus tairbhe a bhaint as na hacmhainní ola i Veiniséala”.

Níos measa fós, ceapadh Elliot Abrams ina “thoscaire speisialta” ag SAM do Veiniséala le déanaí.

Bhí Abrams bainteach leis an scannal Iran-Contra siar sna 1980í nuair a bhí SAM ag seoladh armlóin go buíonta maraithe i Nicearagua.

Shéan Abrams go raibh baint ag SAM leis seo ar dtús, ach tháinig sé faoi bhrú é a admháil ar ball agus ciontaíodh é as bréaga a insint os comhair choiste Comhdhála.

Sna meáin agus sa tsochaí i SAM, leanann an formhór “Comhréiteach Washington”.

Is cuma an ar an eite dheas nó eite chlé atá na tráchtairí ó thaobh pholaitíocht na tíre de, aontaíonn siad go bhfuil ceart morálta ag SAM cinnirí nach maith leo a dhíbirt ó cibé tír.

Tá an fhimíneacht dochreidte.

Bíonn na meáin liobrálacha, ar nós MSNBC, ag trácht – gan fianaise – ar an Rúis ag “cur isteach” ar phróiseas daonlathach Mheiriceá lá amháin.

An lá dár gcionn, tacaíonn siad go hoscailte le coup i gcoinne Maduro.

Mar sin féin, tá eisceachtaí cróga ag seasamh an fhóid, amhail Ilhan Omar, Feisire Comhdhála don Pháirtí Daonlathach as Minnesota.

Ní bhíonn scáth ná eagla uirthi an fhírinne shearbh a insint maidir le polasaithe impiriúlacha SAM.

Ach, ar an drochuair, tá Omar ag snámh in aghaidh easa – uair ar bith a labhraíonn sí amach, dírítear ionsaithe Ioslamafóibeacha agus bagairtí báis ina coinne.

An fhírinne lom ná go bhfuil SAM ag dul i mbun cogaidh le Veiniséala.

Bíodh sin trí na agent provacateurs a stiúradh laistigh den tír agus ar an teorainn, smachtbhannaí eacnamaíocha a chur i bhfeidhim, nó comhcheilg a chur ar bun leis an Araib Shádach chun praghas an bhairille ola – ar a bhfuil geilleagar Veiniséala ag brath go trom – a ísliú.

Níl i Veiniséala ach an chéad chéim i bpleananna SAM sna críocha sin.

D’admhaigh Bolton – arís go hoscailte agus gan náire – go bhfuil Cúba agus Nicearagua ar an liosta acu chomh maith.

Is é seo an t-am le dlúthpháirtíocht a léiriú le cosmhuintir Veiniséala.

Ní chabhraíonn an modh smaointeoireachta a deir “nár chóir cur isteach ar an tír, ach tá Maduro go dona”.

Tugann sin leithscéal do na himpiriúlaithe a gcuid beartais a chur i gcrích.

Caithfear seasamh ar son an fhlaithis – óir d’fhéadfadh tír ar bith eile goimh Mheiriceá a tharraingt orthu féin lá éigin anonn.

Níos mó