Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
tharraing-si-an-triobloid-uirthi-fein-a-deirtear-i-gconai

‘Tharraing sí an trioblóid uirthi féin,’ a deirtear i gcónaí

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Chonaic mé ceann de na pictiúir ab fhearr de lúthchleasaí a chonaic mé riamh le deireanaí: Tayla Harris, a imríonn sacar san Astráil, ard san aer agus í ag ciceáil cúl do Carlton Blues. Bhreathnaigh sí láidir agus cumhachtach. B’iontach an t-íomhá a bhí inti do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige i gcúrsaí spóirt. 

Ach ar ndóigh, ní féidir breathnú mar sin ar phictiúr de bhean. Cuireadh an pictiúr in airde, agus taobh istigh de chúpla nóiméad bhí rudaí uafásacha, gáirsiúla á scríobh fúithi. 

21 bliain d’aois atá an bhean óg seo, agus dúirt sí féin gur mhothaigh sí go raibh mí-úsáid gnéis á déanamh uirthi ar na meáin shóisialta. Chuaigh rudaí chun donais ansin, nuair a bhain lucht sacair na hAstráile anuas an pictiúr, agus d’fhoghlaim siad ceacht eile.

Is minic nuair a dhéantar ionsaí ar bhean, deirtear gur tharraing sí an trioblóid uirthi féin. Bhí a sciorta ró-ghearr, bhí sí ag gáire an iomarca, bhí sí le feiceáil. Nuair a tógadh anuas an pictiúr, b’shin an teachtaireacht a tugadh do Tayla Harris agus do mhná ar fud an domhain. Tharraing sí an foréigean uirthi féin. Sa deireadh, admhaíodh go raibh sé mí-cheart é a thógáil anuas, agus in áit sin, gur cheart níos mó ama a chaitheamh bóthar a thabhairt do na daoine atá ag maslú a gcuid imreoirí. 

Níl sé ar an scála céanna ar chor ar bith, ach tugaim féin faoi deara go bhfuil difríocht sna deirtear fúmsa, i gcomparáid le mo chuid chomhleacaithe fear. Is iomaí uair a bhíonn ar na daoine atá ag plé leis na meáin shóisialta postálacha a bhaint anuas mar gheall ar rudaí gáirsiúla atá scríofa. 

Ní tharlaíonn sé do na fir. Táim ag an staid go ndéanaim beagán machnaimh ar an éadach a chuireann mé orm féin sula dtéann mé ag an obair gach lá, ar fhaitíos go mbeadh mé ag tarraingt trioblóide orm féin. Go háirithe sa samhradh. 

Mar shampla, nuair a bhí an teas aisteach sin againn an bhliain seo caite, bhí na fir ag dul thart i mbristí gearra, ach roghnaigh mise gan sin a dhéanamh ar fhaitíos go mbeadh tuilleadh á rá. 

Cé atá mícheart? Mise, atá ag iarraidh suaimhnis, nó na daoine a chuir brú orm gan éadach compordach a chaitheamh ag an obair? Goilleann sé orm ar bhealach gur roghnaigh mé an bóthar éasca, ach ní féidir na cathanna seo a throid linn féin. Ní féidir le Tayla Harris an cath a bhuachan léi féin ach oiread.

Seo an áit go gcaithfidh daoine eile, idir fhir agus mhná, seasamh suas chomh maith agus tacú le daoine atá faoi ionsaí, in ainneoin nach bhfuil tada as bealach déanta acu ach liathróid a chiceáil go cumhachtach. 

Tá rudaí ag athrú an-sciobtha agus is minic nach bhfuil a fhios againn céard ba cheart a dhéanamh. Níl ann ach “stop” a rá. Má dhéanann muid ar fad é seo, faoin am a bheidh an chéad ghlúin eile ag imirt, go mothóidh siad sábháilte, agus ní bheidh mná ar fud an domhain coinnithe ó chodladh na hoíche mar gheall ar rudaí a dúradh fúthu ar an idirlíon. 

Níos mó
NÓS | NÓS