Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • rainn
  • Féile Róise Rua seolta ar Oileán Árainn Mhór

Féile Róise Rua seolta ar Oileán Árainn Mhór

Rinneadh céiliúradh ar thraidisiún na hamhránaíochta agus ar oidhreacht Árainn Mhór, oileán atá suite amach ó chósta Dhún na nGall, an tseachtain seo cáite mar chuid d’Fhéile Róise Rua

Chuir Clann Mhic Gloinn tús leis an fhéile seo den chéad uair i mbliana in ómós do Róise Rua, nó ‘Róise na nAmhrán’ mar a bhí aithne uirthi.

Rugadh Róise Rua sa bhliain 1879. Bhog sí go hOileán Árainn Mhór ón mhórthír agus í ina girseach óg, áit ar chaith sí bunús a saoil.

Bhí cáil na hamhránaíochta agus na scéalaíochta ar Róise agus thiocfadh daoine chuig an teach ag airneáil aici go minic.

D’fhoghlaim Róise a cuid amhrán óna máthair, a bhíodh ag ceol agus í ag cardáil olla.

Sa bhliain 1953 ghlac Seán Ó hEochaidh ó Choimisiún Béaloideasa Éireann síos 67 n-amhrán ó Róise, chomh maith le scéalta agus nótaí ar na hamhráin.

Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig Proinsias Ó Conluain agus Jimmy Mahon ó Raidio Éireann chun an oileáin agus thaifead siad 60 amhrán léi.

D’éirigh go hiontach leis an chéad bhliain d’Fhéile Róise Rua agus bhí neart imeachtaí ar siúl ar fud an oileáin le linn an deireadh seachtaine.

I measc na gceoltóirí a bhí páirteach san fhéile bhí Mairéad Ní Mhaonaigh, Maighread Ní Dhomhnaill, Mick O’Grady, Doimnic Mac Giolla Bhríde, agus Clann Mhic Ruairí. 

Thug Cathal Goan, Iar-Phríomhstiúrthóir RTÉ agus agus Iar-Cheannasaí TG4, agus an t-amhránaí sean-nóis, an Dr Lillis Ó Laoire,argas ar shaol agus ar amhráin Róise Rua, agus cheol cór na scoile áitiúla cuid de na hamhráin sin don slua a bhí i láthair.

Tá Coiste na Féile ag amharc chun tosaigh chuig 2020 anois agus ag súil go rachaidh Féile Róise Rua ó neart go neart.

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge