Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gan-ach-tra-amhain-sa-ghaeltacht-nach-bhfuil-caighdean-maith-uisce-ann

Gan ach trá amháin sa Ghaeltacht nach bhfuil caighdeán maith uisce ann

Tháinig feabhas ar chaighdeán an uisce ag trá amháin sa Ghaeltacht anuraidh de réir tuarascáil nua atá seolta ag an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.

As an 20 trá Ghaeltachta a ndearnadh scrúdú orthu in 2018, bhain sé cinn déag acu an caighdeán is fearr amach de réir na tuarascála Bathing Water Quality in Ireland — A Report for the Year 2018.

Níor thit caighdeán an uisce ag trá Ghaeltachta ar bith idir 2017 agus 2018.

Ba í Trá na mBan sa Spidéal i gcontae na Gaillimhe an t-aon trá sa Ghaeltacht ar tháinig feabhas ar chaighdeán an uisce ann anuraidh. Bhí caighdeán an uisce ‘sásúil’ ag an trá idir 2015 agus 2017 ach de réir na tuarascála nua, tá caighdeán an uisce feabhsaithe go ‘caighdeán maith’.

Is í Trá na bhForbacha i gConamara anois an t-aon trá Ghaeltachta sa tír nach bhfuil stádas ‘caighdeán den scoth’ nó ‘caighdeán maith’ bainte amach ag an uisce ann. ‘Sásúil’ atá caighdeán an uisce ag Trá na bhForbacha.

Tá stádas ‘caighdeán den scoth’ bainte amach go hoifigiúil ag dhá thrá i dTír Chonaill i mbliana.

Chun stádas oifigiúil a bhronnadh ar thrá ní mór scrúdú a bheith déanta ar chaighdeán an uisce ansin ar feadh trí bliana. Rinneadh amhlaidh i gcás uisce thrá Mhachaire Rabhartaigh agus thrá Dhumhaí agus tugadh an caighdeán is airde don dá thrá sin den chéad uair i mbliana.

‘Caighdeán maith’ a bhí ag Trá Phort Arthur sna Doirí Beaga den dara bliain as a chéile, rud a d’fhág gurb í an t-aon trá i nGaeltacht Thír Chonaill nach bhfuil stádas ‘caighdeán den scoth’ aici.

Bhain na tránna uile a ndearnadh tástáil orthu i nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht Mhaigh Eo stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.

Chomh maith leis an bhfiche trá Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu ó thaobh chaighdeán an uisce snámha, luaitear trí thrá eile sa Ghaeltacht nach dtagann faoi na rialacha maidir le huisce snámha.

Tástáil de chineál eile a dhéantar ar an uisce ag na tránna sin ar mhaithe le sláinte an phobail. Bhain Béal Bán i gCorca Dhuibhne agus Trá na gCaorach in Inis Oírr ‘caighdeán den scoth amach’ agus bhain An Trá Mhór i nGarmna i gConamara, stádas ‘caighdeán maith’ amach.

San iomlán, rinneadh tástáil ar 145 trá ar fud na tíre anuraidh don tuarascáil seo agus d’éirigh le 137 acu, nó 94%, an bunchaighdeán uisce (‘sásúil’) a bhaint amach. Bhain 71% (103) an stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.


Tránna Ghaeltachta a luaitear sa tuarascáil

2018 2017 2016 2015
Ciarraí
Fionntrá Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
Baile an Sceilg Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
Dún na nGall
Baile Thiarnáin Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
An Charraigh Fhinn Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
Na Dúnaibh Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
Droim na Tine Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
Trá Phort Arthur Caighdeán maith Caighdeán maith Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
Dumhaigh Caighdeán den scoth Nua Nua
Machaire Rabhartaigh Caighdeán den scoth Nua Nua
Gaillimh
Trá na bhForbacha Caighdeán sásúil Caighdeán sásúil Droch-chaighdeán Caighdeán sásúil
Trá na mBan Caighdeán maith Caighdeán sásúil Caighdeán sásúil Caighdeán sásúil
Céibh an Spidéil Caighdeán maith Caighdeán maith Caighdeán maith Caighdeán maith
An Trá Mór, Coill Rua Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
Trá an Dóilín Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
Trá Chaladh Fínis Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
Cill Mhuirbhigh, Inis Mór Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
Trá Inis Oírr Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Nua
Maigh Eo
Dumha Éige, Acaill Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
Cuan Oilí Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth
An Mallach Rua Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth Caighdeán den scoth

Níos mó