Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<div-class="credit-nos"></div>-reic-i-gclub-chonradh-na-gaeilge-do-la-na-filiochta

Reic i gClub Chonradh na Gaeilge do Lá na Filíochta

Féile na Bealtaine, An Daingean agus an ceantar máguaird, 2-6 Bealtaine 2019

Cuireann sé gliondar ar mo chroí filleadh abhaile go Corca Dhuibhne, go háirithe nuair a bhíonn a leithéid d’fhéile agus Féile na Bealtaine ar siúl. As seo go dtí an Luan, ní bheidh aon chúis ag muintir an bhaile, ná ag cuairteoirí chuige, a bheith díomhaoin. Féile Chultúir agus Ealaíona bhliantúil atá i gceist ina ndéantar ceiliúradh ar theacht na Bealtaine, le ceol, rince, ealaín, caint, drámaíocht agus siamsaíocht!

 I mbliana ó thaobh an cheoil, beidh Kneecap, The Whileaways, Colm Mac Con Iomaire, Mick Flannery agus Ger Wolfe le clos, i measc eile. Déanfar taifead ar na podchraoltaí Beo ar Éigean agus Up to 90 sa bhaile agus beidh taispeántais ag Carol Cronin, Úna Ní Shé, Liam Holden, agus Elouise Flannery — gan ansin ach blaiseadh beag! 

Anuas air sin beidh Ciara Ní É ag reic a cuid filíochta sa Chúirt, Pat Shortt sa Hillgrove, Lá na bPáistí i bpáirc an bhaile, Eilís Ní Dhuibhne faoi agallamh ag Áine Moynihan, agus léireofar dráma le Manchán Magan dar teideal Arán agus Im. Ní leor an t-alt seo chun cur síos a dhéanamh ar an réimse leathan imeachtaí, téir chuig an suíomh go ngeobhaidh sibh níos mó eolais fós faoi! feilenabealtaine.ie

 

Reic, Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Déardaoin 2 Bealtaine @ 19:00

Tá Lá na Filíochta á cheiliúradh inniu. Beidh Ciara Ní É i gClub Chonradh na Gaeilge anocht (sula dtabharfaidh sí aghaidh ar an nDaingean), lena hócáid rialta, Reic. Oíche filíochta ilteangach ag a mbíonn fáilte chroíúil roimh an lucht féachana a gcuid cumadóireachta a reic!

Ba cheart go mbeadh deireadh leis an imeacht timpeall a deich a chlog, chun deis a thabhairt do gach éinne an bus deireanach abhaile a fháil!

An Taobh Tuathail, beo ón Róisín Dubh, Dé hAoine 3 Bealtaine @ 21:00

Comhghairdeas ó chroí le Cian Ó Ciobháin, tá sé féin agus a chlár raidió An Taobh Tuathail ag comóradh 20 bliain ar an bhfód! Ní beag an éacht é sin le bheith bainte amach!

Tá tuairim is 5,500 clár craolta aige agus deis tugtha aige do scata bannaí ceoil a gcuid saothar a chlos ar aerthonnta stáisiún náisiúnta mar aon le hardán cuí a thabhairt dóibh, i bhfoirm an chláir seo, a bhfuil lucht leanúna dílis, tiomanta aige. 

Amárach, tabharfaidh Cian faoin Róisín Dubh i nGaillimh chun clár beo a dhéanamh ón láthair, áit a mbeidh bannaí ceoil ag seinnt mar chuid den mbeochraoladh seo. Sin iad Ships agus Mount Alaska. Tosóidh an clár beagáinín níos luaithe ná mar is iondúil ag 21:00 agus beidh tú in ann éisteacht leis beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, nó beidh tú in ann a bheith i láthair ach ticéad a cheannach ar shuíomh an Róisín Dubh. Gach rath ar Chian agus an clár beo! Gurb fada buan iad.

The Conifers agus Skipper’s Alley, Áras Mhic Reachtain, Dé hAoine 3 Bealtiane @ 21:00

Mar chuid d’imeachtaí Fhéile Ealaíona Ceathrú na hArdeaglaise (The Cathedral Quarter Arts Festival), beidh dhá bhanna ceoil le feiscint in Áras Mhic Reachtain an Aoine beag seo. Sin iad The Conifers agus Skipper’s Alley – dhá bhanna le fréamhacha láidre traidisiúnta ina gcuid ceoil, atá go mór i mbéal an phobail le tamall anuas anois. Beidh ana cheol san Áras – bí leo más sa chomharsanacht thú, beidh tús á chur leis an gcoirm timpeall 21:00.

Féile Siúlóide, áiteanna éagsúla i gCiarraí, 3-5 Bealtaine 2019

Cuirfear tús ar an Aoine le Féile Siúlóide i gCiarraí ar a bhfuil an Kerry Camino Walking Festival mar theideal air. Féile í seo a mhairfidh ar feadh trí lá. Ar an gcéad lá rachaidh na rannpháirtithe ó Thrá Lí chuig an gCom; Ón gCom go hAbhainn an Scáil atá beartaithe don Sathairn agus ansin ar an nDomhnach is é An Daingean an ceann scríbe. Deis í seo chun radharcanna áille a fheiscint agus aithne a chur ar dhaoine nua chomh maith. kerrycamino.com le breis eolais a fháil

Níos mó
NÓS | NÓS