Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • National
  • Tús á chur athuair le comhaireamh na vótaí i ndiaidh easaontais san ardchathair
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tus-a-chur-athuair-le-comhaireamh-na-votai-i-ndiaidh-easaontais-san-ardchathair

Tús á chur athuair le comhaireamh na vótaí i ndiaidh easaontais san ardchathair

Cuirfear tús arís ar maidin le comhaireamh na vótaí i dtoghchán Eorpach Bhaile Átha Cliath tar éis aighneas idir iarrthóirí a d’fhág gur cuireadh an comhaireamh ar fionraí aréir.

Cinneadh an comhaireamh a chur ar fionraí mar gheall ar easaontas idir iarrthóir Fhianna Fáil Barry Andrews agus an t-iarrthóir neamhspleách Clare Daly.

Bhain an t-easaontas leis an ord ina ndéanfaí vótaí aistrithe a dháileadh.

Nuair a cuireadh stop le cúrsaí tar éis an 14ú comhaireamh bhí Barry Andrews chun tosaigh ar Clare Daly don triú suíochán sa toghlach. Tá an ceathrú suíochán ann chomh maith ach an té a fhaigheann é sin ní bheidh sé nó sí ag dul chun na parlaiminte in Strasbourg go dtí go bhfágann an Bhreatain an AE, ma tharlaíonn sin.

Cuirfear tús leis an gcomhaireamh arís ag 11am i mBaile Átha Cliath. Tá tús curtha cheana féin leis an gcomhaireamh in ionaid eile.

Toghadh cheana féin i mBaile Átha Cliath Ciarán Cuffe ó Chomhaontas Glas agus Frances Fitzgerald, Fine Gael. Toghadh Mairéad McGuinness i dtoghlach an Láir Tíre- an Iarthuaiscirt, mar a bhfuil an neamhspleách Luke ‘Ming’ Flannagan sa dara háit agus an dara iarrthóir de chuid Fhine Gael, Maria Walsh sa triú háit.

Meastar go bhfuil tréimhse eile san Eoraip i ndán do Matt Carthy ó Shinn Féin atá chun tosaigh ar an neamhspleách Peter Casey agus Saoirse McHugh, Comhaontas Glas.

I dtoghlach an Deiscirt, beidh suíochán arís ag an iaruachtarán CLG agus Gaeilgeoir líofa Seán Kelly a tháinig sa chéad áit le 118,444 vóta agus é gar don chuóta 119,866.

Beidh suíochán chomh maith ag iarrthóir Fhianna Fáil Billy Kelleher a fuair 84,083 vóta. Bhí Kelleher sa dara háit sa toghlach cúig shuíochán agus é chun tosaigh ar an iarrthóir de chuid Independents4Change TD, Mick Wallace. Beidh sé ina throid go bun an angair don suíochán deireanach agus an feisire Eorpach Gaeltachta de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada, a fuair 79,072 vóta céadrogha chun tosaigh ar Grace O’Sullivan ó Chomhaontas Glas a fuair 75,946, Malcolm Byrne,  Fianna Fáil, a fuair 69,166 vóta, agus an feisire eile de chuid Fhine Gael Deirdre Clune a fuair 64,605 vóta.

Tá nach mór gach ceann den 949 suíochán sna toghchán áitiúla líonta agus Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó le sciar 26.9% den vóta agus 277 suíochán acu.

Ó thuaidh, chuir an Alliance cor gan choinne i gcúrsaí polaitíochta sna Sé Chontae nuair a bhain a gceannaire Naomi Long suíochán amach i bParlaimint na hEorpa.

D’éirigh le Long, beagnach 106,000 vóta céadrogha a fháil, díreach taobh thiar de Shinn Féin agus an DUP. Fágann bua go bhfuil  dhá cheann de na trí shuíochán ó thuaidh ag páirtithe atá i gcoinne an Bhreatimeachta.

Fuair an Alliance a dhá oiread vótaí agus a fuair Páirtí Aontachtach Uladh, 53,052, a bhí ag cosaint an tríú suíochán.

143,112 an cuóta a bhí sa toghcheantar agus níor shroich aon iarrthóir é sin ar an gcéad chomhaireamh.

Mar a rinne sí in 2014, ba í Martina Anderson, Sinn Féin, ba mhó a fuair vótaí céadrogha agus, cé go raibh titim ar a vóta, d’éirigh léi an chéad suíochán a fháil.  Diane Dodds an DUP a fuair an dara suíochán.

Níos mó

tuairisc.ie

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge