Is údar imní é gur féidir le dream ar bith naíonra Gaeilge a thabhairt orthu féin is cuma mura bhfuil Gaeilge ar bith in úsáid acu.
Sin cuid dá bhfuil le rá i dtuarascáil nua ó Thithe an Oireachtais faoin luathoideachas Gaeltachta a foilsíodh an tseachtain seo.
Faoi láthair trí Bhéarla a fheidhmíonn níos mó ná leath de na naíonraí sa Ghaeltacht, agus gan ach 59 den 127 naíonra a fhaigheann tacaíocht ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag feidhmiú trí Ghaeilge.
Deirtear i dtuarascáil Choiste Oireachtais na Gaeilge nach ndéanann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige aon mhonatóireacht ar na seirbhísí sin ó thaobh úsáid na Gaeilge, nó ó thaobh chaighdeán na Gaeilge iontu.
Deirtear sa tuarascáil gurb amhlaidh “ina lán cásanna” nach mbíonn a fhios ag tuismitheoirí cé acu Béarla, Gaeilge nó an dá theanga a bhíonn ar siúl i naíonraí Gaeltachta.
“Níl aon rialacha ná coinníollacha teanga i bhfeidhm chun é seo a rialú nó chun aon mhíthuiscint a sheachaint,” a deirtear sa tuarascáil Oireachtais faoin luathoideachas Gaeltachta a foilsíodh an tseachtain seo.
Deirtear sa tuarascáil go bhfágann an easpa monatóireachta seo go bhfuil cead a gcinn ag daoine naíonraí a bhunú sa Ghaeltacht beag beann ar aon dualgas teanga.
“Is féidir le haon duine, comhlacht nó dream ionad luathoideachais a oscailt agus a fheidhmiú agus an teideal ‘naíonra’ a chur air. Níl aon sainmhíniú dlíthiúil ar an teideal seo agus níl aon riachtanas ar na soláthróirí feidhmiú trí mheán na Gaeilge nó oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil dá gcustaiméirí.
“Is féidir seo a dhéanamh taobh istigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht araon…”.