Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceoldrama-spleodrach-lan-cruthaitheachta-agus-eagsulachta

Ceoldráma spleodrach lán cruthaitheachta agus éagsúlachta

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá séasúr na nOscar bailithe tharainn, agus tá deireadh leis na scannáin bheathaisnéise faoi cheoltóirí agus aisteoirí agus daoine eile marbha mór le rá. Mar sin, nuair a chonaic mé Rocketman ag teacht amach ag an am seo den bhliain, níor chuir mé mórán spéise ann. 

Dá mbeadh maitheas ar bith leis, a dúirt mé liom féin, bheadh sé sna pictiúrlanna ag an am céanna le Bohemian Rhapsody. Chomh maith leis sin, is duine dílis de lucht leanúna Queen mé agus níor thaitin Bohemian Rhapsody an oiread sin liom. Is lú an spéis atá agam i saol agus i gceol Elton John, agus bhí mé ag ceapadh nach mbeadh aon rud anseo domsa. 

Ach tá an scannán seo iontach. Níl aon scannán beathaisnéise feicthe agam mar é cheana. Tugtar léargas ar an gcéad chuid de shaol Elton John (Taron Egerton) mar cheoltóir, ina chuid focal féin, agus é san ospidéal in New York in 1990. Ní chuireann an scannán mórán béime sna fíricí cruinne, agus níos mó ar an gcaoi ina mbreathnaíonn an fear seo ar a shaol go dtí seo. 

Tugann an modh scéalaíochta seo an oiread sin saoirse do Dexter Fletcher, an stiúrthóir, scannán a d’fhéadfadh a bheith duairc agus réalaíoch, a iompú isteach ina cheoldráma spleodrach le míreanna éagsúla cruthaitheacha. 

Tá an oiread míreanna sa scannán seo atá thar cionn ar chuile bhealach, ach an radharc a d’fhág ag slogadh míoltóg mé ná an mhír a théann leis an gceol Saturday Night’s Alright For Fighting. Damhsa, ceol, cineamatagrafaíocht, aisteoireacht; tá sé níos fearr ná aon rud atá feicthe agam in aon cheoldráma le fada. 

Cabhraíonn sé, cinnte, nuair atá cliar den scoth agat. Tá chuile aisteoir anseo i mbarr a réime. Caithfear Richard Madden agus Bryce Dallas Howard a lua mar bheirt a sheas amach, chomh maith le Jamie Bell a thóg páirt an scríbhneora liricí Bernie Taupin. Bhí mar Taupin mar dhlúthchara ag John ó bhuail siad le chéile, agus ba é an caidreamh sin idir an bheirt an caidreamh is tábhachtaí a bhí sa scannán. 

Ach bhí Taron Egerton ar leibhéal eile. Ní seo duine ag déanamh aithris ar Elton John, seo aisteoir a tabhairt léiriú cróga, ionraic agus leochaileach ar charachtar a raibh air dul thrí go leor streachailte agus trioblóide ina shaol. Agus canann sé na hamhráin ar fad é féin ina ghlór iontach. 

Mura raibh sé le tuiscint go dtí seo, is aoibhinn liom an scannán seo. Tá an ceol níos fearr ná ceol The Greatest Showman, tá an damhsa níos fearr ná an damhsa i ceachtar de na scannáin Mama Mia, agus déanann sé cur síos níos fearr ar shaol réalta ceoil níos fearr ná Bohemian Rhapsody.

 Cuirfidh mé ar an mbealach seo é. Tá mír ann ina gcasann Elton John sa Troubadour i Los Angeles den chéad uair, agus casann sé an t-amhrán Crocodile Rock. Dá ndéarfá liom roimh an scannán gur tháinig na deora liom i rith Crocodile Rock, an t-amhrán le níos mó la la las anairde ann ná liricí, déarfainn go raibh tú as do mheabhair. Ach sin é go díreach céard a tharla bydad, agus sin cumhacht Taron Egerton, cumhacht Dexter Fletcher agus cumhacht Elton John. 

Níos mó