Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

‘Daonlathas don Ghaeltacht’ – tús curtha le feachtas nua

Tá tús curtha ag grúpa pobail i nGaeltacht Thír Chonaill le feachtas úr a bhfuil sé de sprioc aige toghcháin Bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Chuir Dinny McGinley, a bhí ina Aire Gaeltachta ag an am, deireadh leis na toghcháin in 2011 as siocair go raibh barraíocht costais leo. 

Dúirt an tAire McGinley go sábhálfadh an Stát €500,000 as deireadh a chur leis na toghcháin.

Ceapadh Bord nua d’Údarás na Gaeltachta i mí Eanáir 2018, an dara bord atá ceaptha faoi na socruithe a tháinig i bhfeidhm faoin Acht sa bhliain 2012.

Faoin socrú reatha, tá an Bord, a bhfuil dhá chomhalta dhéag air, comhdhéanta de chúigear a ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu, chomh maith le seachtar comhalta eile a roghnaítear bunaithe ar chomórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

I ráiteas a tugadh do Meon Eile, dúirt an tAire Gaeltachta Seán Kyne:

“Gurb ionann líon an Bhoird mar atá sé anois agus an líon a mholtar, de réir taighde idirnáisiúnta, ba chóir a bheith ar bhord den saghas seo.”

Tá an tAire “sásta go bhfuil an cur chuige reatha mar a bhaineann sé le struchtúr an Bhoird ag feidhmiú go sásúil agus nach gcuireann sé aon bhac ar chumas an Údaráis feidhmiú mar is cuí.”

Chomh maith leis sin, níl sé i gceist ag an Aire Stáit córas toghcháin a thabhairt ar ais nó líon na gcomhaltaí a ardú.

Ní rún ar bith é go bhfuil Údarás na Gaeltachta buailte go holc ag ciorruithe le roinnt blianta anuas agus tá imní mhór léirithe ag eagraíochtaí Gaeltachta agus teanga faoina bhfuil i ndán don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Bhí titim 70% ar an mhaoiniú d’Údarás na Gaeltachta ó € 22.5 milliún in 2007 go € 6.68 milliún in 2017.

Le linn na tréimhse céanna tháinig méadú 66% ar bhuiséad an Údaráis Forbartha Tionscail (IDA) agus méadú 45% ar bhuiséad Fiontraíocht Éireann.

Tháinig méadú €2 mhilliún ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta i mbliana.

Arís ag labhairt le Meon Eile, dúirt an tAire Gaeltachta Seán Kyne “go bhfuil sé sásta go bhfuil dul chun cinn suntasacht déanta le blianta beaga anuas maidir le cúrsaí eacnamaíochta, dífhostaíochta agus teangeolaíochta sa Ghaeltacht”.

“Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an Údarás 589 bpost a chruthú in 2018 agus go raibh 122 dhuine breise fostaithe i gcuideachtaí an Údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.”

Ina ainneoin sin, tá sé soiléir go bhfuil muintir na Gaeltachta den tuairim go bhfuil an Ghaeltacht ligthe i ndearmad ag an rialtas le fada an lá.

Thug Meon Eile cuairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill le déanaí le labhairt le cuid de na daoine atá ag tacú leis an fheachtas nua seo agus le fáil amach cén fáth…

Níos mó