Bhí Easpag na Gaillimhe, Breandán Ó Ceallaigh, misinéirí leis an ord Colmbánach agus a chairde i gcuideachta an Athar Seán Ó Conaola i gCill Treasa i Ros an Mhíl le déanaí chun a shaol sagartóireachta a cheiliúradh. Bhí cóisir cheiliúrtha acu in Óstán na Páirce, An Spidéal ina dhiaidh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
An tAthair Seán Ó Conaola as Doire Choill i gConamara a bhfuil caoga bliain caite aige mar shagart leis an Ord Colmbánach
Fáilte go séipéal nua-chóirithe Ros an Mhíl
Fuinneoga daite taibhseacha Shéipéal Naomh Treasa
An tAthair Seán Ó Conaola ina shagart óg
Geansaí fhoireann Mhicheál Breathnach bronnta ar a n-iar-imreoir ag Gearóidín Nic an Iomaire
An tAthair Seán Ó Conaola ag cur síos ar a shaol ar na misin
Pobal an Aifrinn i dTeach an Phobail i Ros an Mhíl
Mairéad Ní Chonaola, deirfiúr Sheáin
Kyungja Lee, misinéir tuata Colmbánach
Comhghairdeachas óna chomhshagairt
Mairéad Ní Fhlatharta ag casadh ag an Aifreann
Guímis i dteannta a chéile
A bheannacht ón Athair Seán Ó Conaola
An tAthair Gerry Neylon, an tAthair Dónal Hogan, Easpag Dheoise na Gaillimh, Breandán Ó Ceallaigh, An tAthair Seán Ó Conaola, An tAthair Bernie Mulkerrins, An tAthair Hughie Loftus agus an tAthair Seán Mac Aoidh
Teachtaireacht cheiliúrtha sa Chóiréis
Joanna King agus Hwayoung Lee as an gCóiré
Sabina Choi agus Mary Dillon, siúracha Colmbánacha; an Bráthair Killian, Bráithre Eoin Dé agus Evelyn Mannion, siúr Colmbánach
Paul agus Mary Coleman agus Maura Lyden, Siúr Columbánach
An tAthair Seán Ó Conaola ag gearradh cáca a iubhaile órga lena dheirfiúracha, Mairéad, Máire agus Sisile (an tSiúr Caoimhín)