Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-is-ionann-muidne-agus-sibhse

Is ionann muidne agus sibhse

Ní fada uainn anois Dublin Pride agus ní fada uainn ach an oiread Tbilisi Pride sa tSeoirsia.

Féile í Dublin Pride a tharraing slua 60,000 amach ag máirseáil anuraidh. Féile í a bhfuil tacaíocht mhór aici ón bpobal, ón rialtas, ón arm agus ó chuid de na comhlachtaí is mó ar an oileán agus bíonn na Gardaí i láthair aici mar chosaint dá bhfuil i láthair.

Ní hamhlaidh do Tbilisi Pride.

Cé gur pobal beomhar bríomhar ealaíonta cairdiúil iad pobal LADT Tbilisi, le beár aerach darb ainm Success agus an dara baile acu ag an gclub mór electro Bassiani, tá streachailt mhór rompu agus iad ag iarraidh an chéad Pride riamh sa tSeoirsia a chur sa siúl.

Téimis siar píosa sa stair go dtuige muid an scéal.

Sa mbliain 2013 agus mórshiúl pleanáilte don 17 Bealtaine chun an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh Hómafóibe, Trasfhóibe agus Défhóibe a mharcáil in Tbilisi, chuir Eaglais Ortadocsach na Seoirsia go láidir ina choinne. 

Lean lucht eagraithe an mhórshiúil ar aghaidh leis na pleananna ainneoin na bagartha.

Ar an lá féin chruinnigh sagairt dhubha fhéasógacha na heaglaise le chéile leis na mílte leantóirí agus rinne siad ionsaí ar an mórshiúl. Chun an foréigean a sheachaint b’éigean do na póilíní lucht an mhórshiúil a chur isteach i marshrutkanna – busanna buí áitiúla – agus iarracht a dhéanamh iad a thiomáint go slán amach tríd na sluaite a bhí ag béicíl orthu is ag caitheamh bruscair leo.

Sa mbliain 2014 ansin chinn ceannaire Eaglais na Seoirsia go ngairfí Lá Naofacht an Teaghlaigh den 17 Bealtaine. Tá an cleas feicthe cheana againn: teaghlach aonchineáil (máthair amháin, athair amháin agus páistí iomadúla) a lonnú ar thaobh amháin de líne na ceartaiseachta sa gcaoi go ndéantar saofóirí truaillithe, graosta, salacha de na daoine ar fad nach dtiteann faoi rúibric an teaghlaigh sin.

Mar thoradh ar an gcinneadh sin sa mbliain 2014 agus i bhfianaise ar tharla sa mbliain 2013, bheartaigh lucht eagraithe an mhórshiúil nach mbeadh sé sábháilte aon rud a chur ar siúl ar an 17 Bealtaine feasta.

Bheartaigh siad i mbliana go gcuirfidís mórshiúl Bróid ar siúl i mí an Mheithimh ina ionad sin. An chéad fhéile dá leithéid sa tSeoirsia a bheadh ann agus í ag teacht leis na féilte eile a dhéantar ar fud an domhain i mí an Bhróid chun comóradh a dhéanamh ar chíréibeacha Stonewall i Nua Eabhrac i 1969, an eachtra is mó a chuir tús le gluaiseacht chearta sibhialta an phobail LADT . Na dátaí a roghnaíodh don fhéile: 18-23 Meitheamh.

Ag deireadh na míosa seo caite, d’fhógair Aireacht Gnóthaí Baile na Seoirsia go mbeadh sé dodhéanta mórshiúl 2019 a chosaint ar ionsaithe dá gcuirfí ar siúl é amuigh faoin aer. Tá seans ann anois go gcuirfear an t-imeacht ar siúl in áit faoi dhíon ach leanann an plé ar aghaidh. Tá eagraíochtaí LADT ar fud an domhain ag impí ar rialtas na Seoirsia cosaint chuí a chur ar fáil dá mbeidh i láthair ag Tbilisi Pride.

Ceist í seo atá ag croílár iarrachtaí na Seoirsia a caidreamh leis an Aontas Eorpach a neartú. Fís í an rapprochement seo atá ag rialtas na Seoirsia ón mbliain 2003 i leith, tráth ar tharla Réabhlóid na Rósanna agus ar bhris an pobal rialtas an lae, rialtas a bhí báúil leis an Aontas Sóivéadach. Tá an tAontas Eorpach fabhrach leis na hiarrachtaí céanna ach murar féidir leis an tSeoirsia a áirithiú go bhfuil ceart tionóil ag a saoránaigh féin chun leithéidí Tbilisi Pride a eagrú go síochánta sábháilte, is buille é don dearcadh a bheidh ar an domhan mór ar an daonlathas sa tír.

Le heagla a bhreathnaím gach lá ar chuntas Twitter @TbilisiPride agus cuntas stiúrthóir na féile @Tabagari le scéala a fháil. Cé go mbím faichilleach fós scaití agus lámh m’fhir gheallta á glacadh i mo lámh féin agam agus muid amuigh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le chéile, eagla den chineál atá le brath in Tbilisi níor mhothaigh mé in Éirinn le tamall anuas, a bhuí leis an bpobal anseo.

Eagla uilechumhachtach, uileláithreach, ghainmheach í an eagla sin a shníonn isteach ionat ó amharcanna daoine, ó fhógraí eaglaise agus eagraíochtaí “teaghlaigh” agus ó ráitis aineolacha, go gcreimeann sí i gcaitheamh an ama do chrógacht agus do thoil, go gcarnann sí i gcroí d’intinne go dtí nach féidir leat gníomhú.

Is iontach misneach lucht eagraithe Tbilisi Pride agus iad ag gníomhú leo ainneoin na heagla sin a bhraitheann pobal LADT na Seoirsia ar fad.

Cuirigí aithne orthu sa bhfíseán spreagúil, daonna seo dá gcuid ina n-éilíonn siad a gcearta agus ina ndéanann siad an pointe go stuama gurb ionann iad agus an pobal i gcoitinne. 

Chven vart tkven an mana atá acu: is ionann muidne agus sibhse. 

Agus dar ndóigh is ionann iadsan agus muidne freisin. 

Pobal lách, oscailte, ealaíonta iad pobal LADT Tbilisi. Seasaimis leo trí shíntiús a chur chucu agus trínár nguthanna a ardú ar na meáin shóisialta.

ქართველები, sinne sibhse agus sibhse sinne. Seastar libh!

*Beidh an t-imeacht Gaeilge Bród 2019 ar siúl i gClub an Chonartha 28 Meitheamh 2019.

Níos mó