Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-plean-a-dheanfadh-athru-o-bhonn-ar-earnail-na-hiriseoireachta-foilsithe-ag-foras-na-gaeilge

Plean a dhéanfadh athrú ó bhonn ar earnáil na hiriseoireachta foilsithe ag Foras na Gaeilge

| Tuairisc.ie |

Tá plean nua a dhéanfadh athrú mór ar earnáil na meán Gaeilge foilsithe ag Foras na Gaeilge.

Faoin bplean, a bhfuiltear ag lorg moltaí an phobail ina thaobh, ní chuirfeadh an Foras maoiniú ar fáil níos mó d’iris liteartha chlóite agus thiocfadh deireadh ar fad leis an scéim faoina maoinítear an iris Nós.

Dá nglacfaí le plean an Fhorais dhá fhoilseachán ar líne a ndéanfaí maoiniú feasta orthu.

Is é an chéad fhoilseachán a bheadh ann ná seirbhís nuachta ar líne amhail Tuairisc.ie ach go mbeadh conradh inathnuaite ag an soláthróir.

An dara foilseachán a bheadh ann ná iris liteartha amhail Comhar ach gan í ar fáil ach ar líne agus gan aici ach leath den mhaoiniú atá ag an iris sin faoi láthair.

Chomh maith leis sin chuirfeadh an Foras €80,000 den €500,000 sa bhliain a chuirtear ar fáil do na meáin Ghaeilge faoi láthair ar leataobh chun tús a chur le dhá scéim nua.

Is iad na scéimeanna sin ná scéim printíseachta do dhaoine a bhfuil céim san iriseoireacht acu agus scéim phíolótach faoina mbunófaí nuachtlitreacha clóite áitiúla sa Ghaeltacht.

€300,000 in aghaidh na bliana a fhaigheann Tuairisc.ie chun ‘nuachtán seachtainiúil ar líne’ a chur ar fáil. €75,000 a fhaigheann Nós gach bliain agus €120,000 a chuirtear ar fáil do Comhar.

Faoin bplean nua, €360,000 sa bhliain a chuirfí ar fáil don nuachtán ar líne agus €60,000 sa bhliain a chuirfí ar fáil don iris liteartha ar líne. Níl iris stílmhaireachtála luaite sa phlean. Chaithfí an €80,000 a bheadh fágtha sa phota atá curtha ar leataobh don iriseoireacht ar an scéim printíseachta agus an scéim nuachtlitreacha pobail.

Moladh i dtuarascáil neamhspleách a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge anuraidh go gcuirfeadh an eagraíocht teanga tuilleadh maoinithe ar fáil do Tuairisc.ie agus do na hirisí Gaeilge toisc iad a bheith ar an ngannchuid agus ag brath an iomarca ar obair dheonach agus ar an dea-thoil.

Cé gur ghlac Foras na Gaeilge leis go bhfuil easpa acmhainní ag cur as d’fhorbairt earnáil na hiriseoireachta scríofa Gaeilge, deir siad nach bhfuil ar a gcumas aon mhaoiniú breise a chur ar fáil don earnáil. Is gá dá réir, dar leo, cur chuige “níos éifeachtaí” a chur i bhfeidhm ar an airgead céanna agus is chuige sin atá an leagan amach nua ar an earnáil á mholadh acu.

Sa phlécháipéis atá foilsithe mar chuid den phróiseas comhairliúcháin poiblí atá fógartha ag Foras na Gaeilge deirtear go bhfuil trí rogha ann i dtaobh earnáil na hiriseoireachta Gaeilge.

Is iad na roghanna sin ná cúrsaí a fhágáil mar atá maidir leis an Scéim Nuachtán Ar Líne, an Scéim Iris Ghaeilge agus an Scéim Iris Stílmhaireachtála, nó glacadh leis an gcur chuige nua atá molta ag Foras na Gaeilge nó glacadh le leagan leasaithe den mholadh sin.

Tá tuairimí an phobail á lorg anois ag an bhForas faoi na foilseacháin Ghaeilge agus faoin gcur chuige nua atá molta acu féin. Tá go dtí an 15 Lúnasa ag daoine lena gcuid tuairimí a chur faoi bhráid na heagraíochta teanga trasteorann.

Ach an próiseas comhairliúcháin a bheith críochnaithe, cuirfear moladh maidir leis an earnáil iriseoireachta Gaeilge faoi bhráid Bhord Fhoras na Gaeilge a dhéanfaidh cinneadh ansin faoin gcéad chéim eile.

Tá dhá shíneadh ama curtha le conradh Tuairisc.ie, Nós agus Comhar ó  d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh fúthu athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil. Beidh an síneadh ama is déanaí, síneadh bliana, caite ar an 31 Nollaig 2019.

Dúirt Cathal Goan, Cathaoirleach Bhord Comhar,  aréir gur “údar mór díomá” dó “gur anois, tar éis dhá shíneadh ama atá tús á chur le próiseas comhairliúcháin faoi rud a chaithfidh a bheith i bhfearas taobh istigh de shé mhí”.

Dúirt Goan go mbeadh moladh an Fhorais agus impleachtaí an phróisis nua á phlé “mar ábhar práinne” ag Bord na hirise agus nach raibh aon ráiteas eile le déanamh go fóill aige.

Dúirt Ciarán Ó Súilleabháin Bainisteoir Tuairisc.ie, go mbeadh an scéal á phlé ag an gcéad chruinniú eile de stiúrthóirí Tuairisc.ie agus go mbeadh a dtuairimí faoi na moltaí a chur ar fáil acu d’Fhoras na Gaeilge.

D’iarr Tuairisc.ie ráiteas chomh maith aréir ar Nós.ie.

Níos mó