Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • News
  • Scannal é go bhfuil ár saighdiúirí i Mailí agus ba chóir iad a thabhairt abhaile láithreach

Scannal é go bhfuil ár saighdiúirí i Mailí agus ba chóir iad a thabhairt abhaile láithreach

Údar mór bróid ag muintir na hÉireann  – agus an ceart againn – an ról a bhí ag saighdiúirí de chuid na bhFórsaí Cosanta leis na Náisiúin Aontaithe ag caomhnú na síochána.

Sa Mheánoirthear, san Afraic, sa Chipir – bhí ár gcuid saighdiúirí ansin ag iarraidh cabhrú le daoine síocháin a dhéanamh i láthair na coimhlinte.  Fuair 86 saighdiúir Éireannach bás agus iad i mbun na hoibre sin.

Tá difear, áfach, idir síocháin a chaomhnú agus páirt a ghlacadh i gcogadh agus tú ag iarraidh cabhrú le taobh amháin an bua a fháil ar an taobh eile.

D’fhógair an Rialtas le déanaí go bhfuil saighdiúirí dár gcuid le cur go dtí Mailí chun páirt a ghlacadh sa chogadh ansin. Aithnítear gurb é cogadh ansin – idir rialtas a tháinig i gcumhacht i coup d’étatagus pobal dúchais Tuareg sa Tuaisceart –an misean is contúirtí sa domhan ag na Náisiúin Aontaithe faoi láthair, ach níl aon mhíniú tugtha ag an rialtas ar an gcinneadh seo.

Céard atá ar siúl i Mailí mar sin is cén fáth a bhfuil muidne ag dul ann? Nó ar chóir dúinn a bheith ann in aon chor?

Thiar in 2015 chuir an rialtas dream beag go dtí Mailí le hoiliúint a chur ar an arm ansin – cinneadh a cáineadh go réasúnta forleathan ag an am.  Scríobh mé féin alt faoi ar Tuairisc.ie.

Iarracht atá ar siúl ag an bhFrainc a smacht coilíneach a choinneáil ar an tír in aghaidh toil phobal dúchais Tuareg, go háirithe i dtuaisceart na tíre.  Tá siadsan i mbun aighnis agus cogaidh ó 1960, nuair a fuair an tír saoirse ón bhFrainc.

Déantar iarracht uaireanta comparáid a dhéanamh idir a bhfuil ar siúl againn i Mailí agus an misean go dtí an Congó.  Ach sa Chongó bhí muid ag iarraidh an stát nuashaortha a chosaint ó choilíneachas na Beilge.  I Mailí is iad na Francaigh atá ag iarraidh a smacht ar an tír sin a chosaint.

Ní oireann sé don Fhrainc go mbeadh siad ina n-aonar sa gcogadh seo, agus sin é an fáth go dteastaíonn uathu go mbeadh saighdiúirí ó thír eile ann in éineacht leo féin.

Bhíodh saighdiúirí ó Cheanada ann ach tugadh abhaile iad mar gheall go rabhthas amhrasach faoi na saighdiúirí a bheith ag seasamh le taobh amháin san aighneas.

Tá saighdiúirí na hÉireann le cur sall anois, agus seans láidir go bhfaighidh daoine bás – ní ar son na síochána ach ar son tionchar na Fraince san Afraic.

Deir an iris Phoenix go bhfuil na saighdiúirí á gcur ann le fabhar a chothú ar son iarratas na tíre seo ar shuíochán ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ach, mar is léir ón alt a scríobh mé in 2015, téann an comhoibriú seo siar i bhfad roimhe sin.

I mo thuairim féin, is sampla eile é seo den iarracht atá ar siúl ag Fine Gael agus Fianna Fáil ár bhfórsaí cosanta a cheangal le fórsaí míleata san Eoraip ar fad.

Ar ndóigh, le linn an fheachtais sna toghcháin áitiúla is Eorpacha, cuireadh i leith an rialtais go raibh siad ag taobhú (faoi rún) le hiarrachtaí Emmanuel Macron na Fraince agus daoine eile Arm Eorpach a bhunú.

D’ionsaigh Fine Gael agus Fianna Fáil araon an chaint seo – in ainneoin gur cuid de chlár oibre ALDE, an grúpa lena mbaineann Fianna Fáil, an tArm Eorpach céanna.

Ach is léir anois cé chomh cruinn is a bhí na foláirimh sin.

Fillimis mar sin ar an mbuncheist. An cóir dúinn páirt a ghlacadh ag troid i gcogadh inmheánach i dtír eile, nó ar chóir dúinn fanacht go dtí go mbíonn sos cogaidh i gceist agus muid ann le cabhrú leis an tsíocháin amháin?

Tá an rialtas – sa mhéid is go dtugann siad aird ar bith ar aon cháineadh a dhéantar ar an gcinneadh seo – ag rá go bhfuil sé tábhachtach antoiscigh Ioslamacha a choinneáil ó chumhacht.  Ach is scéal inmheánach do Mhailí is do thíortha eile é sin, agus, mar a mhínigh mé in 2015, tá i bhfad níos mó de bhaint ag an scéal seo leis na fosuithe óir atá faoin bhfásach ansin ná mar atá le cearta na dTuargach .

Agus ar ndóigh tá difear mór idir cabhrú le comhaontú síochána a chosaint agus páirt a ghlacadh go díreach i gcogadh.

Fuair 177 saighdiúir de chuid na Náisiún Aontaithe, mar dhea, bás le cúig bliana anuas, agus tá sé ionann

is cinnte go bhfaighidh cuid dár saighdiúirí bás ann freisin.

Is scannal é seo.  Ní cóir dúinn a bheith i Mailí. Is cóir ár gcuid saighdiúirí a thabhairt abhaile.

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge