Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-suil-le-ple-sa-dail-faoi-reachtaiocht-nua-chun-dul-i-ngleic-le-‘gearcheim’-i-gcraoltoireacht-na-gaeilge

Súil le plé sa Dáil faoi reachtaíocht nua chun dul i ngleic le ‘géarchéim’ i gcraoltóireacht na Gaeilge

| Tuairisc.ie | ,

Tá súil ag cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge go nglacfaidh an Rialtas leis na moltaí i dtuarascáil nua ina bhfógraítear géarchéim maidir le craoltóireacht na Gaeilge.

Deirtear sa tuarascáil de chuid an Choiste Oireachtais a foilsíodh inné nach bhfuil an reachtaíocht a bhaineann le craoltóireacht na Gaeilge “ag freastal ar na riachtanais teanga ar bhealach atá éifeachtach” agus gur gá í a leasú.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Catherine Connolly go mb’fhearr léi go dtabharfadh an Rialtas an reachtaíocht sin isteach ach go dtabharfadh baill an choiste faoin leasú a dhréachtú dá mba ghá.

Deirtear sa tuarascáil freisin go bhfuil gá freisin le hathrú ar mheon an rialtais i leith na ceiste seo agus le hinfheistíocht chaipitil chun an Ghaeilge a thabhairt slán “as an gcruachás” ina bhfuil sí i saol na craoltóireachta agus lena chinntiú go mairfidh sí “do na glúnta atá romhainn”.

Maítear sa tuarascáil nua go bhfuil dhá mhórfhadhb ann maidir leis an nGaeilge i gcúrsaí craoltóireachta – easpa ábhair i nGaeilge agus easpa lucht féachana agus lucht éisteachta d’ábhar Gaeilge.

Dúirt Catherine Connolly gurb í an chéad chéim eile maidir leis an tuarascáil ná go bpléifí sa Dáil í. 

“Tá 18 de mholtaí curtha in iúl go hoifigiúil sa tuarascáil agus leanfaidh díospóireacht sa Dáil chun na moltaí a phlé. 

“Ní cheapaimid go mbeidh aon duine in ann easaontú leis na moltaí sa tuarascáil. Moltaí stuama is ea iad agus bheadh muid ag súil go mbeidh an rialtas ag glacadh leo. Tá sé níos éasca don rialtas má ghlacann siadsan an fhreagracht maidir le reachtaíocht nua a dhréachtú ach cinnte mura dtarlaíonn sin beidh muid ag breathnú air,” a Catherine Connolly. 


‘Géarchéim’ i gcraoltóireacht na Gaeilge maidir le ‘easpa ábhar agus easpa lucht féachana agus éisteachta’


Tá sraith moltaí déanta sa tuarascáil ag an gcoiste Oireachtais a bhfuil an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ina Cathaoirleach air.

Moltar “go dtreiseofaí” ar bhonn “práinne” na míreanna faoin nGaeilge san Acht Craolacháin 2009 chun go mbeadh ar chumas an BAI, Údarás Craolacháin na hÉireann,  “polasaithe Gaeilge gníomhacha a fhorbairt i bpáirt le craoltóirí an Stáit”.

Moltar freisin go n-aithneofaí ‘Craoltóireacht na Gaeilge’ mar phríomhdhualgas ar chraoltóirí in aon sainmhíniú nua a dhéanfaí ar cad is ‘craoltóireacht seirbhíse poiblí’ ann agus in aon reachtaíocht chraolacháin nua a thabharfaí isteach.

Idir an dá linn, chuir ag Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, fáilte roimh mholtaí thuarascáil an Choiste Oireachtais.

“Fáiltíonn TG4 roimh na moltaí dearfacha atá déanta ag an gComhchoiste maidir le TG4 agus earnáil craoltóireachta na Gaeilge i gcoitinne.

“Chuir siad go leor oibre orthu féin agus tá sé thar cionn an tacaíocht láidir traspháirtí seo a fheiceáil don obair atá ar siúl ag TG4 agus ár gcomhghleacaithe san earnáil.

“Tá sé thar a bheith suntasach go bhfuil siad ag moladh maoiniú breise de €6m do TG4 agus go dtuigeann siad gur airgead caite go maith a bheadh ansin. Tagann sé seo go hiomlán leis na hargóintí atá TG4 ag cur chun cinn sa Straitéis 5 Bliana atá againn, chun borradh breise a chur faoin eacnamaíocht chruthaitheach in Éirinn agus le hidirnáisiúnú na hearnála, go háirithe sna réigiúin,” arsa Alan Esslemont.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 chomh maith go raibh sé ag súil le bheith ag comhoibriú le Grúpcheannasaí Gaeilge nua RTÉ , Niamh Ní Churnáin.  Dúirt Esslemont go raibh sé ag súil go gcuirfeadh RTÉ acmhainní breise ar fáil don 365 uair an chloig de chláir a bhfuil dualgas reachtúil orthu iad a sholáthar do TG4 gach bliain agus go ndéanfadh siad breis infheistíochta chomh maith in iriseoireacht na Gaeilge.

“Tá muid dóchasach go gcuirfidh polaiteoirí ó gach páirtí agus an Rialtas féin, dlús le cur i bhfeidhm na moltaí sa tuarascáil agus beidh muid féin i mbun comhráite leis na geallsealbhóirí cuí freisin, chun seo a bhrú chun cinn sna míonna atá romhainn,” a dúirt Alan Esslemont.

Tagann foilsiú thuarascáil an Choiste Oireachtais sna sála ar an scéal go mbíonn 99.3% de sceideal teilifíse RTÉ i mBéarla amháin agus ar bhreithiúnas an Choimisinéara Teanga go bhfuil  an craoltóir ag sárú an Achta Craolacháin dá bharr.

Tugadh go dtí deireadh na míosa seo do RTÉ le plean a chur faoi bhráid an Choimisinéara ina leagfar amach conas a chinnteoidh siad go gcuirfear ar fáil feasta réimse cuimsitheach clár Gaeilge, ach tá síneadh ama trí seachtaine faighte ag RTÉ chun an plean sin a réiteach.

Níos mó