Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-baile-beag-is-fearr-ar-domhan

An baile beag is fearr ar domhan

Éinne a leanann ar Twitter mé, ní haon scéal nua dóibh é gurb é Baile na nGall an baile beag is fearr ar domhan — bhuel dar liomsa ach go háirithint!

Cá dtosnód?

Má tá éinne ag cuimhneamh ar shaoire a thógaint go háit éigin in Éirinn samhradh seo, agus gan a aigne déanta suas fós acu cá rachaidh siad, tá súil agam go mbeidh dúil acu i mBaile na nGall ina dhiaidh seo.

Buíochas le Dia ná fuil Baile na nGall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Deirim é sin mar gur deas liom ná bíonn sé ródhubh san le daoine! Tá Baile na nGall beag. Dhá thig tábhairne agus dhá thráigh. Sin a bhfuil ann i ndáiríre — ar an gcéad radharc. Ach tá i bhfad Éireann níos mó ná san ann.

Tar go Baile na nGall agus fan thar oíche, nó dhá oíche nó trí. Féadfar fanacht i dtig lóistín Imeall na Mara, atá leathchéad slat de shiúl na gcos ón mbaile féin, nó i dtig tábhairne TP mar a bhfuil lóistín anois leis.

Má tá camper van agat, siúd leat sall go Gallaras, míle soir an bóthar agus féadfar fanacht ansan, nó do phuball a bhreith leat agus fanacht ann. Tá gach áis ann duit.

I dtús an lae i mBaile na nGall, féadfar coinne a dhéanamh le Spá an Atlantaigh agus tú féin a thumadh i bhfolcadh feamainne. Bíonn uisce sáile, atá ar dearglasadh istigh sa bhfolcadán agus é lán feamainne ón dtráigh. Fan ansan istigh leathuair a chloig agus síos leat ar an dtráigh san uisce fuar agus thar n-ais suas isteach sa bhfolcadh. 

Bíonn codladh grifín isteach is amach trí d’chorp aige. Braithfidh tú go diail ar fad ina dhiaidh, i do steillbheatha. Ansan, picnic bheag ar an dtráigh, nó barbaiciú an tráth seo bliana agus 99 ina dhiaidh ó thábhairne Bheaglaoi. 

Is féidir léimt de Ché Bhaile na nGall isteach sa tráthnóna chun tú féin a dhúiseacht agus dul i gcomhair pionta (nó gloine Sprite) go Tábhairne Bheaglaoi. 

Is minic steaigeanna ag triail ar na pubanna i mBaile na nGall, agus iad ar chamchuairt ar an 12 pub siar ón nDaingean ar bhus. Dá bhrí sin, is minic go mbíonn ceol beo le clos lasmuigh do Thábhairne TP ar lá breá samhraidh. 

Nuair a bheidh ocras arís ort tráthnóna, agus tar éis duit na leanaí a bhreith chomh fada le Halla na Muirí go dtí’n gCéilí a bhíonn ag na “Lá Breá’s”, is féidir leat sceallóga agus iasc a bheith agat suite lasmuigh do thábhairne TP ag féachaint amach ar an bhfarraige. 

Siúd leat ansan, chun siúlóid na faille a dhéanamh agus do bholg lán, chun dul faoi na gréine a fheiscint. Níl radharc níos deise ar domhan le fáil ná é seo, agus an ghrian agus dathanna lonracha geala glioscarnacha aici, ag dul síos laistiar den dTriúr Deirféar. Thar n-ais go Baile na nGall ansan leat le titim na hoíche agus beidh sé in am ba bá.

mBeidh tú chugainn an samhradh seo?

Níos mó