Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Boris
  • Céard atá i ndán don Tuaisceart le Boris Johnson i gceannas?

Céard atá i ndán don Tuaisceart le Boris Johnson i gceannas?

Eoin Ó Murchú

Séasúr na hamaidí nó séasúr na mbagairtí?

Anois go bhfuil Boris Johnson ina phríomh-aire ar an Ríocht Aontaithe tá an cheist lom á cur: céard atá i ndán don Tuaisceart?

Ní raibh mórán amhrais ann faoin scéal seo roimh a cheapadh, ach níl aon amhras anois. Beidh sé cinnte sásta imeacht ón Aontas Eorpach gan margadh ar bith mura féidir leis an margadh atá uaidh a fháil – agus sin é margadh gan an cúlstad.

Agus ciallaionn sé sin go mbeidh teorainn chrua áit éigin mar go bhfuil sláine an Mhargaidh Aonair níos tabhachtai don Aontas na sláine na hÉireann.

Dúinne in Éirinn, is éard atá sa gcúlstad ná geallúint nach mbeidh teorainn chrua ann idir Tuaisceart agus Deisceart. (Ach má chinntíonn an cúlstad go mbeidh imeacht gan mhargadh ann agus teorainn chrua mar thoradh air sin, nach bhfuil ceist ann faoi éifeachtúlacht an chúlstad féin?)

Sa mBreatain, ar an taobh eile, baineann an cúlstad leis an mBreatain a choinneáil ceangailte leis an Aontas Custaim go dtí go ndéarfadh an tAontas Eorpach gur féidir leo imeacht – toisc nach bhfuil aon teorainn ama ag baint leis ná aon cheart ag an mBreatain éirí as leis féin.

Bhí réiteach simplí air sin, ar ndóigh, agus sin é socrú faoi leith a dhéanamh don Tuaisceart agus socrú eile don Bhreatain a d’fheadfadh a bheith teoranta ó thaobh ama de.

Ach bhí – agus tá fós – an rialtas theall ag brath ar an DUP le fanacht in oifig agus tá siadsan ag seasamh ar an “bprionsabal” nach mbeadh aon éagsúlacht idir an Tuisceart agus “an chuid eile den Ríocht Aontaithe” – ach amháin, ar ndoigh, maidir le cearta comhghnéis, nó ginmhilleadh nó cearta teangan.

Tá Johnson ag cur i gcéill gur féidir leis athrú a fháil ar an gComhaontú um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

Ina intinn féin tuigeann sé go mbeidh imeacht gan mhargadh an-chostasach don Ghearmáin agus tubaisteach do na 26 Chontae d’Éirinn.

Sin seasamh an-loighciúil ach míréadúil ag an am céanna.

Dá ngéillfeadh an tAontas d’éileamh Johnson chaillfidís cibé seans atá acu le prionsabail an chomhsheasaimh a choinneáil beo leis na Ballstáit go léir féin ar aon chuma – comhsheasamh atá faoi bhrú cheana féin.

Agus cuimhnigh freisin go bhfuil sé ráite ag Angela Merkel na Gearmáine gur tábhachtaí sláine an Mhargaidh Aonair agus todhchaí an Aontais Eorpaigh ná leas gearrthréimhseach thionscal na Gearmáine.

Scéal eile, ámh, na cainteanna faoi shocraithe trádála i ndiaidh an Bhreatimeachta.

B’fhéidir go gcloífeadh an tAontas le rialtas na hÉireann, ach b’fhéidir nach gcloífeadh.

Agus b’fhéidir go mbeadh brú ollmhór eacnamaíochta ar rialtas na hÉireann freisin le comhghéilleadh éigin nua a lorg.

Mura bhfuil athrú ar an gComhaontú um Tharraingt Siar le baint amach, cén straitéis atá ag Johnson?

Tá mí na saoire romhainn anois agus ansin fillfidh an pharlaimint ar an obair i mí Mheán an Fhómhair.

Ceapaim ansin go dtabharfaidh sé le leathchroí faoin idirbheartaíocht nua – a thabharfadh go Deireadh Fómhair é – gan ach roinnt seachtainí ann roimh an dáta nua scortha.

Deirtear go bhfuil móramh ann i dTeach na dTeachtaí in aghaidh imeacht gan mhargadh, ach sin a tharlóidh mura nglacfar le margadh nó mura dtarraingeofar siar ar fad.

Sa gcás go ndéanfadh an pharlaimint ceann ar bith díobhsean a bhrú, bheadh olltoghchán ann dá réir.

Arís, tá fadhb mhór ag Páirtí an Lucht Oibre ó d’éirigh leis na hiar-Blairites seasamh ar son fanacht a cheangal leis an bpáirtí.

Cinneadh tubaisteach é sin, mar na ceantracha is mó a sheas leis an bpáirtí riamh i dtuaisceart Shasana, is ceantracha iad a vótáil go láidir ar son Brexit.

Tá baol mór ann go dtógfadh Páirtí Farage vótaí ón Lucht Oibre is go mbeidh an bua ag na Toraithe dá bharr.

Arís, má éiríonn le Johnson Breatimeacht a chur i bhfeidhm, bheadh sé ciallmhar olltoghchán a reáchtáil ansin, agus lucht an Aontais sa mBreatain in aimhréidh, agus seans aige an toghchán a bhuachaint leis féin.

Maidir leis an Tuaisceart, tá Johnson níos gaire don DUP ná d’aon dream eile, ach bheadh sé ciallmhar dóibh gan a bheith rómhuiníneach as mar dhíolfadh sé amach iad dá mba chun a leas féin é.

Ag an bpointe seo, ámh, is léir gur botún ollmhór é ag rialtas na hÉireann (agus ag náisiúnaithe an Tuaiscirt) gan idirbheartaiocht dhíreach a dhéanamh le Sasana ón tús.

Ní chuirfidh na Sasanaigh bacanna nó ionaid seiceála ar an teorainn ach tá an tAontas Eorpach ag rá go gcaithfidh seiceálacha a dhéanamh áit éigin ar mhaithe le sláine an Aontais.

Sin tubaiste don Tuaisceart, go polaitiúil agus go heacnamúil, agus buille mór freisin do thrádáil na 26 Chontae leis an Ríocht Aontaithe.

Ach is é an rud is measa ná nach bhfuil aon phlean ag an rialtas dó seo, nó ag aon cheann de na páirtithe sa Tuaisceart féin ach an oiread.

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge