Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cu-fuilteach-fisiuil

Cú fuilteach físiúil

Le Cú 2 Coimirceoir agus Cú 3 Fuascailteoir tugtar insint fhísiúil fhuilteach Chú Chulainn Paul Bolger agus Barry Devlin chun deiridh. Rud annamh sa Ghaeilge sraith iomlán leabhar aistrithe ach seo againn é.

In Coimirceoir leantar den scéal a tosaíodh in Cosantóir (léigh an léirmheas anseo). Go hAlban linn agus go scoil oiliúna cogaíochta Aoife le Cú Chulainn, Feardia agus gaiscígh an domhain mhóir. Buanaítear an caidreamh idir Cú agus Feardia agus iad ag fáil an ceann is fearr ar na trodaithe eile. Filltear ar Éirinn ansin mar a bhfuil Méabh Chonnacht ag bagairt ionradh a dhéanamh ar Chúige Uladh.

In Fuascailteoir tugann Cú Chulainn agus Feardia aghaidh ar a chéile ar láthair an chatha fad a bhíonn Calaitín agus an Mhór-Ríon ag cur a ladar sa scéal.

Tá an t-aistriúchán breá nádúrtha. Is dócha gur Darach Ó Scolaí féin a d’aistrigh, cé nach luaitear ach Leabhar Breac leis an aistriúchán sa leabhar. Tá gluaiseacht agus gearradh sna leabhair seo, fuil agus fuilteacht, brúidiúlacht agus barbarthacht. Aistrítear an insint ó cheann ceann na tíre is ó thír go chéile go glic. Éinín spéire ag ceol i gcúlra painéil anseo a imíonn leis go gcloistear thar lear é.

Éiríonn go han-mhaith leis na hiarrachtaí gnéithe ónár scéalta dúchais a chur i láthair i mbealach níos ‘inchreidte’ (más féidir inchreidte a rá faoi rudaí nach bhfuil inchreidte ar chor ar bith!).

An ga bolga, mar shampla, feictear a fhaobhair aisteacha agus creidtear ann i mbealach nach féidir agus muid ag léamh na seanscéalta. Is maith an té a thuigfeadh ‘siúl ar rinn sleá’ mar atá sna seanscéalta. Nuair a chuirtear inár láthair go físiúil é tá linn. Fágtar uainn deochanna suain na Fiannaíochta óir roinntear linn anseo deoch shícideileach a thógann an Cú agus muid féin ar thuras trí dhomhan Gaelach leath-aduain.

Tá treibheanna inchreidte cruthaithe ann. Iad rud beag Mad Max-úil, marcáil shainiúil ag gach dream acu; éadaí agus airm, móitífeanna agus ealaín an dúchais le brath go tréan, ach na healaíontóirí sásta a samhlaíocht a chur ag obair leis. Tá an tríchosóg (triskelion) ann cinnte ach tarraingítear é ar mheirgí cogaidh, ar chloigne maola agus smeartar mar smideadh é ina aghaidhphéint chogaidh. Is amhlaidh an scéal le Lámh Dhearg na nUltach.

Ó thaobh an phlota imítear ón scéal a bhfuil seantaithí ag go leor againn air. Cuirtear an léitheoir ag breathnú as an nua ar ionaid ar nós Bhrú na Bóinne san insint shnasta seo.

Ceann de na gnéithe is sonraí faoin iomlán ná a bhrúidiúla agus a fhoréigní atá, go háirithe agus leabhar 3 bainte amach againn. Teasctar cloigne gan stad, scaoiltear putóga ó thús deireadh, pléasctar súile, itear conablaigh, glactar folcadh i linn fola capall.

An caidreamh is spéisiúla sna leabhair ná é sin idir an Cú agus an Mhór-ríon. Í á thaighdeadh chun cogaidh. Déantar riastradh, an t-athrú a thagadh ar Chú Culainn le linn catha, a thuiscint ar bhealach nua. Fórsaí an oilc seasta ag déanamh nead istigh i gcluasa lena saint chun fola a shásamh.

Tá an ealaín tríd síos ar chaighdeán an-ard agus tá go leor gnéithe Gaelacha fite fuaite san insint, an fáinne Gaelach an t-ordnasc mar shampla.

Locht beag, b’fhéidir, is léir roinnt aghaidheanna ann a bheith bunaithe ar daoine faoi leith, rud a scarann amach iad ó charachtair eile.

An bua mór atá ag an scéal ná go n-imíonn sé ón mbunfhoinse. É níos fuinniúla agus é ag teacht le nósanna inste an lae inniu.

Dealraíonn sé go bhfuil sé i gceist ag na bunchumadóirí scannán a dhéanamh as an scéal seo atá dhá mhíle bliain d’aois. Níl aon amhras orm ach go mbeadh sé inchurtha leis na scannáin is snasta agus is corraithí amuigh.

Mholfainn na húrscéalta grafacha seo do dhaoine ar spéis leo scéalta meara lán gnímh. D’fheilfidís do dhaoine fásta atá ag tosú amach ar an léitheoireacht sa Ghaeilge.


Is féidir na Cúnna ar fad a cheannach anseo.