Deirtear nach breac é go raibh sé ar an bport. Ná haltaigh bia go mbí sé i do mhála. Ná maraigh an fia go bhfeicfidh tú é. Ná comhair na sicíní go dtaga siad amach. Deirtear gur ón nGaeilge go dtí an Béarla a chuaigh an chaint sin faoi na sicíní. B’fhéidir gurb ea agus b’fhéidir eile gur i mBéarla a bhí sé i dtosach. An lao ite i mbolg na bó, sin leagan eile fós ar an smaoineamh céanna.
Nó, cuir an breac san eangach sula gcuire tú sa bpota é…
Nach deas é?