Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-peigin-albaim-laig

Peigín albaim laig

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Cad é seo, go díreach?

An chéad dj-meascán oifigiúil riamh ó Peggy Gou, dioscmharcach agus léiritheoir as an gCóirí Theas atá anois ag cur fúithi i mBeirlín.

Bhí ‘It Makes You Forget (Itgehane)’ le Gou ar bharr a liostaí de rianta house na bliana 2018 ag mórán daoine, go háirithe Special Request (Paul Woolford), a thug “léamh thar a bheith úr agus nua-aimseartha ar an bhfuaim deep house a mhothaíonn díreach ceart” ar an rian agus é ag caint le NÓS i mí na Nollag seo caite.

Ach ní hionann cúram an léiritheora agus gnó an dioscmharcaigh, agus níl gach duine den tuairim go bhfuil an t-árdan atá tugtha ag eagraíochtaí mar Boiler Room do dhioscmharcaíocht Gou tuillte ag an mbean óg.

Tá tábhacht leis an dá fhocal sin: bean óg. Cuirfimíd focal eile leo: álainn.

Sea,
ambaiste, tá an t-idirlíon dubh le ráitisí ó fhir ag fáil locht
ar dhioscmharcaíocht Gou, agus freagraí ó mhná ag maíomh nach
bhfuil sna fir chéanna ach gnéasaígh.

Ní ceart an milleán a chur ar Gou as an rud go bhfuil sé i bhfad níos éasca margaíocht a dhéanamh ar spéirbhean óg ná mar atá ar shean-leaid maol, ach ní cúis í sin gan bheith oibiachtúil faoi chumas dioscmharcaíochta Gou.

Bealach macánta chun ár mbreithiúnas a thabhairt ar luach Gou mar dgioscmharcach, de réir na dtuairimí cearta poiblí, ná comparáid a dhéanamh idir í agus beirt spéirbhan óga eile a bhíonn ag meascadh ceoil.

Go teicniúil, níl Gou leath chomh sciliúil is atá Helena Hauff agus Nina Kraviz, abair, ach bíonn rogha ceoil mhaith fhuinniúil aici, go hiondúil, agus fiú má chailleann sí smacht ar an meascadh ar uairibh, tá a croí sa cheol.

An
bhfuil aon mhaith ann?

Seachas fuinneamh a seiteanna sna clubanna a athchruthú, le DJ-Kicks cuireann Gou fáilte roimh an éisteoir isteach ina seomra suite chun éisteacht le roinnt de na ceirníní is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi síos trí na blianta a bhlaiseadh. Meascán é a léiríonn ómós Gou d’oidhreacht an cheoil rince leictreonaigh; idir dioscó, teicneo, house, rave agus leictreo, bhí leath den rogha seoeisithe sara rugadh Gou in 1991.

Cuireann seoid de rian teicneo gan bhuillí – ‘Fluresence’ (1993) le Spacetime Continuum – tús aoibhinn, réchúiseach le cúrsaí. As sin sleamhnaímid isteach i bhfunc teochriosach ‘Hungboo’ le Gou féin. Is é an chéad rian a chum sí riamh, agus ní deacair a thuiscint cén chúis nár eisíodh cheana é – níl sé thar mholadh beirte. Fós, éiríonn leis mar cheap lainseála do fhunc casta, lán-línte lúbach Roland 303 agus rithimí tríríneacha ‘Earwig’ (2018) de chuid Pearson Sound.

As sin déanann Gou cúrsa a rianú ó shnag-func leictreonach Pegasus ‘Perseguido Por El Rayo’ (1983) trí athmheascán lagmheasartha Bailéireach Andrew Weatherall de Sly & Lovechild (1990) isteach i dteic-house domhain ‘Rytm804’ (2019) le Dorisburg na Sualainne, agus ar aghaidh go rian glioscarnach teicneo le Hiver (‘Pert’) nár eisíodh cheana.

Laigí?

Tar
éis di stracadh trí theicneo stadach Kyle Hall (‘Flemmenup’),
leictreo glioscarnach lán-airpéisteannaí DMX Krew (‘EPR
Phenomena’) agus réabh-cheol cruadhéanta Shades Of Rhythm
(‘Exorcist’), tá meascadh gránna in ‘Magnetic City’ le Kode
9, agus tá an ghluaiseacht chiotach as sin go ‘Vampirella’ le
The System níos measa fós.

Níl
‘Vordhosbn’
ar an bport is fearr a chum Aphex Twin riamh, agus cé go molaim
‘Illusion’ le Derrick May agus ‘Crackdown’ le Carl Craig mar
roghanna is deacair a thuiscint cén fáth a meascann Gou isteach
chomh míchúramach iad.

An
breithiúnas?

Ábhar
cainte do lucht cáinte Gou, agus ceol idir láidir agus lag measctha
ar nós cuma liom.


bac.



Peggy
Gou

– Dj-Kicks
le
fáil anois ar cheirníní !K7.

Níos mó