Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-electric-picnic-is-gaelai-fos!

An Electric Picnic is Gaelaí fós!

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Cuirfear deireadh oifigiúil leis an samhradh agus le ráithe an ragairne an deireadh seachtaine seo sa Sráidbhaile i gContae Laoise agus an fhéile mhór Electric Picnic ar siúl ann. Mar a fógraíodh níos luaithe i mbliana beidh láthair champála ‘Gaeltachta’ ag EP i mbliana agus dhá ardán Gaeilge. 

Beidh na Gaeil ag cruinniú ag an ‘nGaeltacht’ tráthnóna inniu agus amárach agus cuirfear tús leis an gcraic, ól agus ceol ar ardáin na Collchoille agus an Phubaill Gaeilge oíche Dé hAoine. 

Is san ‘Achadh Aigne’, nó an Mindfield, a bheidh an Puball Gaeilge lonnaithe arís i mbliana agus beidh an tionchaire Éadaoin Nic Mhuiris, a tháinig aird uirthi féin níos luaithe i mbliana nuair a labhair sí faoin gcáineadh a dhéantar ar a cuid Gaeilge, i mbun comhrá le Chris Greene ó RTÉ agus duine de bhunaitheoirí Pop Up Gaeltacht, Osgur Ó Ciardha, faoin nGaeilge agus na Gaeil sna meáin Bhéarla ann ag tús na féile amárach.

Beidh an podchraoladh mór le rá Beo Ar Éigean á thaifeadadh beo sa Phuball Gaeilge Dé Sathairn ag an bPuball, agus Sinéad Ní Uallacháin an tí seo ar an ardán lena beirt chomrádaithe Áine Ní Bhreisleáin agus Siún Ní Dhuinn. Go gairid ina dhiaidh sin beidh Peadar Ó Caomhánaigh, Gearóidín McEvoy agus Éimear Duffy ar an ardán le heagrán beo den phodchraoladh Motherfoclóir a thaifeadadh. 

Beidh grúpaí éagsúla ag teacht le chéile agus ag comhoibriú le himeachtaí eile a chur ar siúl sa Phuball Gaeilge freisin, ina measc an fhéile Nasc agus Raidió na Life, agus Raidió Fáilte agus Féile na Gealaí. 

Beidh ceoltóirí a bhí i láthair ag Nasc an samhradh seo le cloisteáil ar Raidió na Life ag ‘Nasc na Life’ san oíche amárach, agus tráthnóna Dé Domhnaigh beidh ceoltóirí a bhí ag casadh ag Féile na Gealaí le cloisteáíl ar Raidió Fáilte. 

Beidh an seó grinn GaelGÁIRÍ ar siúl arís i mbliana, agus na fuirseoirí Eoin P Ó Murchú, Aideen McQueen, Julie Jay, agus Martin Angelo i mbun na jócanna tráthnóna Dé Sathairn. Beidh Eoin P a bhíonn ag scríobh do NÓS, ar ardán eile an mhaidin sin lena ‘Ted Talk Gaelainne’ Diúltaithe ag TG4

Is mar chuid de IMBOLC a bheidh Eoin P ag caint, ócáid ag a mbeidh an Bhreatnaiseoir Olwyn Pendred ag labhairt faoin ‘Spioradáltacht Cheilteach’ agus an t-eacnamaí Ciarán Mac an Bhaird agus caint faoin eacnamaíocht i ndiaidh na Breatimeachta. 

Ar ndóigh, ní féile cheoil a bheadh ann gan aon cheol, agus beidh go leor leor ceoltóirí ar an ardán sa Mindfield i gcaitheamh na féile: Sibéal Ní Chasaide, Thatchers of the Acropolis, Tadhg Ó Grifín, Liam Ó Maonlaí agus Grooveline ina measc. 

Sa Chollchoill beidh ardán Gaeilge Chonradh na Gaeilge ar siúl gach oíche agus leithéidí MacDara, Dó Fá Dó, DJ Ailbhe, Lauren Ní Chasaide agus Just Like Us ar an ardán ón 19.00 ar aghaidh. Beidh an ócáid cháiliúil filíochta REIC ar siúl sa Chollchoill freisin i mbliana. 

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar lucht freastail an Electric Picnic an haischlib #croínaféile a úsáid agus iad ag imeachtaí Gaelacha na féile. Táthar ag súil le breis agus 200 duine ag an láthair champála ‘Ghaeltachta’ agus an áit “lán go béal” arís. 

Níos mó