Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cas-ar-bith-le-tabhairt-in-eadan-an-iar-aire-gaeltachta-pat-carey-faoi-liomhainti-mi–usaide

Cás ar bith le tabhairt in éadan an iar-aire Gaeltachta Pat Carey faoi líomhaintí mí–úsáide

| Tuairisc.ie |

Tuairiscítear go bhfuil ráite ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nach dtabharfar aon chás in éadan an iar-aire Gaeltachta Pat Carey mar gheall ar líomhaintí faoi mhí-úsáid gnéis a bhí i mbéal an phobail in 2015.

Tuairiscíodh tráthnóna gur thug na Gardaí le fios do dhlíodóir Carey le déanaí nach mbeadh aon chás á thabhairt in aghaidh an iarTheachta Dála de chuid Fhianna Fáil atá ina chathaoirleach ar Ghlór na nGael.

I ráiteas a tugadh don Irish Examiner inniu, dheimhnigh an dlíodóir James MacGuill gur thug Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta le fios dá chomhlacht le déanaí nach mbeadh aon chás á thabhairt in aghaidh Carey i dtaca leis na líomhaintí ar bhain conspóid mhór leis an tslí ar tháinig siad chun solais in 2015.

Thug Pat Carey le fios go raibh sé “sásta” leis an gcor is déanaí sa scéal agus d’iarr sé ar dhaoine gan cur isteach ar a shaol príobháideach.

“Ó tharla go bhfuil imeachtaí dlí ar siúl i dtaca le tuairiscí a rinneadh cheana sna meáin faoin scéal seo agus maidir le ceisteanna gaolmhara, ní bheidh aon ráiteas eile á dhéanamh faoi láthair ag an Uas. Carey ná ag MacGuill & Company,” a dúradh sa ráiteas.

In 2015 shéan Pat Carey go tréan agus go diongbháilte líomhaintí maidir le mí-úsáid gnéis a cuireadh i leith iar-aire rialtais.

Thug sé le fios gur tuigeadh dó go raibh a ainm á lua leis na líomhaintí agus go raibh sé “trína chéile” nuair a ghlaoigh iriseoirí air faoin scéal. Bhí “imní” chomh maith air, a dúirt sé, faoi ráitis a luadh leis na Gardaí i dtuairiscí sna meáin.

I ráiteas a d’eisigh a dhlíodóirí thar a cheann ag an am, dúirt sé go raibh sé i dteideal na dea-cháile ach go mbeadh sé ag seasamh ar leataobh óna ról mar Stiúrthóir Toghcháin Fhianna Fáil agus ó chúraimí poiblí eile a bhí air.

Bhí Pat Carey, ar as na Buailtíní i gCiarraí dó, ina Theachta Dála d’Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh ó 1997 go dtí 2011.

Ceapadh ina Phríomhaoire é in 2008 agus ceapadh mar Aire Gaeltachta, Pobail agus Comhionannais é in 2011.

Bhí an t-iar-aire go mór i mbéal an phobail le linn an reifrinn phósta agus é ag feachtasaíocht ar son ‘Tá Comhionannas’.

Tá sé ina Chathaoirleach chomh maith ar Bhord Ghlór na nGael agus aithne mhaith air i saol na Gaeilge.

Níos mó