Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-chaith-me-uaim-an-buideal-aerasoil…

Chaith mé uaim an buidéal aerasóil…

Agus mé amuigh le cairde, is minic a fheicim buidéil ghloine agus miotail ina málaí, cupáin choinneála sa charr agus málaí in-athusáide ar an ngualainn acu agus iad amuigh ag siopadóireacht. 

Ach nuair a théim ar cuairt chun an tí ag na Gaeil ghalánta ghlasa seo feicim roinnt mhaith rudaí timpeall an tí féin nach gcuireann lena n-iarrachtaí dul i ngleic leis an éigeandáil aeráide. Ar cheann de na rudaí seo tá na haerasóil a bhíonn sa seomra folctha nó sa seomra codlata ag go leor againn — Sure, Nivea, Rightguard agus an diabhal Lynx sin a thachtadh ar scoil muid. 

Chaith mé uaim an buidéal aerasóil an samhradh seo caite agus le breis agus bliain anuas tá mé ag baint trialach as táirgí éagsúla ar na hascaillí. Ar cheann de na táirgí sin tá an barra T’eo ón gcomhlacht cosmaidí agus cumhrán Lush. 

Thart ar €8 a chosnóidh barra 90g ort — ach cá bhfios nach dtiocfadh athrú suntasach ar an bpraghas sin i ndiaidh an Bhreatimeachta. Cheannaigh mise an barra atá in úsáid agam faoi láthair ar an 16 Iúil agus tá a leath fós agam i ndiaidh dom é a úsáid gach lá ó shin. Bheinn ag súil go mairfeadh an barra 90g go mí Dheireadh Fómhair ar a laghad, mar sin, ach coinneoidh mé ar an eolas sibh!

Is maith liom an boladh citris atá ar an T’eo, boladh nach maireann chomh láidir sin ar feadh an lae, ach a bhíonn an-suntasach an chéad rud ar maidin. An rud is tábhachtaí ná nach mbíonn boladh nádúrtha na n-ascaillí le bolachtáil ag deireadh an lae, agus ní theipeann ar an T’eo an chosaint sin a thabhairt. 

Tá sé cineál aisteach dul i dtaithí ar bharra crua púdair a sciúradh faoi na lámha in áit an roll-on nó, níos measa fós, an spray-on, ach tar éis cúpla seachtain bíonn sé chomh nádúrtha le rud ar bith. 

Tá cúpla moladh agam don té a cheannóidh T’eo Lush:

Bí cinnte an barra a choinneáil i do sheomra codlata nó i seomra éigin eile a bhíonn tirim. Má bíonn sé ar an tseilf sa seomra folctha agus é taobh amuigh de bhosca leáfaidh sé agus ní bheidh aon mhaith ann duitse. Ní leor na boscaí adhmaid agus miotail a dhíoltar in Lush lena shábháil ón taise. 

Má bhíonn tú ag taisteal, nó fiú á úsáid sa spórtlann, bí cinnte go gceannaíonn tú bosca miotail lena chosaint. Is púdar atá ann ag deireadh an lae agus beidh do mhála taistil nó mála spóirt scriosta ag púdar bán citris gan bhosca. 

As ucht Dé triomaigh na hascaillí sula gcuirfidh tú ort é! Is décharbónáit sóidiam atá ann agus má bhíon oiread is braoinín beag amháin uisce ar do chraiceann imoibreoidh sé leis an NaHCO3 agus dófar do chraiceann. Bí cinnte go dtriomaíonn tú uisce ón linn snámha, ón bhfarraige, ón gcith agus fiú do chuid allais féin den ascaill ar dtús.

Ní mór dom a lua libh go bhfuil fionnadh ar mo chuidse ascaillí ach go bhfuil tuairiscí cloiste agam ó dhaoine a bhearrann na hascaillí go mbíonn an barra cineál tinn ar ascaill nuabhearrtha. 

Níos mó