Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-triur-og-a-bhainfidh-gaire-asat-ar-netflix-faoi-lathair

Triúr óg a bhainfidh gáire asat ar Netflix faoi láthair

Deirtear i gcónaí “mura rachaidh tú ag gáire, rachaidh tú ag caoineadh”. Leis an samhradh ghalánta sin ag teacht chun deiridh agus geimhreadh fada, gruamach ag síneadh amach romhainn, chuaigh mé féin sa tóir ar na fuirseoirí is greannmhaire ar Netflix. 

Tá seónna iontacha grinn ann más mian leat a bheith ag obair nó ag cóicaireacht agus tú ag amharc orthu, mar is féidir éisteacht leo gan a bheith ag stánadh ar an scáileán, agus níl plota ar bith le leanstan. 

Greann gan stró, foirfe daoibhse atá róghnóthach agus róthabhactach le bheith i bhur suí i mbun bingéala achan tráthnóna mar a bhímse. Seo triúr óg atá ag baint cáil amach dóibh féin ar Netflix san am i láthair, agus a b’fhiú do shúil a choinneáil orthu. 

Daniel Sloss: Live Shows

Albanach óg atá ag dul ó neart go neart le cúpla bliain anuas, tá greann Daniel Sloss dorcha, léirsteanach, agus giorraisc. Tá dhá sheó taifeadta aige i Meiriceá do Netflix, Dark agus Jigsaw. Mholfainn go mór amharc ar Jigsaw, ach tá Dark lán chomh maith leis. Fiú agus é ag spochadh ar thopaicí idir an phribhléid phatrarcach, grá, teaghlach, agus veigeánachas mar mhodh leis an domhan a shábháil, tabharann sé dearcadh speisialta, ionraic s’aige féin don lucht féachana.

 Níor mhothaigh mé riamh gur fhoghlaim mé morán i seónna grinn roimhe seo, ach ag deireadh an dá chláir baineadh geit asam lena mhacántacht. Má thagann tú amach as le fonn tuilleadh Daniel Sloss ort, rinne sé eagrán Drunk History (s02E09) a líonfaidh an bhearna sin i do shaol. 

Dark: 4/5
Jigsaw: 4.5/5

Beidh Daniel Sloss i mBaile Átha Cliath in Amharclann Shráid Vicar ar an 3ú Deireadh Fómhair i mbliana

Katherine Ryan: Glitter Room

I ndiaidh a céad chlár speisialta ar Netflix in 2017 In Trouble, tá Katherine Ryan ar ais i mbliana le Glitter Room agus ina stíl shearbhasach féin, nochtann sí fíricí faoina saol mar mháthair shingil, an neamhspléachas agus an tsaoirse gan fear ina saol, agus a hiníon ró-feansaí Violet a shocair go mbeadh achan rud ina seomra glioscarnach, agus a bhaist an Glitter Room air.

Is de shliocht na hÉireann ar thaobh a athar í ach rugadh Katherine i gCeanada. Bhog sí go London agus feictear í go minic mar phainéalaí ar 8 out of 10 Cats agus Would I Lie to You? Is nathaí glic agus éirimiúil í a spreagann féinmhuinín ionat i ngan fhios duit féin, sárlaoch i measc na mban. 

In Trouble: 4.5/5
Glitter Room: 4.25/5

The Comedy Lineup: Aisling Bea

ACH má tá tú róghnóthach agus róthabhactach le huair an chloig a chaitheamh ag amharc ar chláracha grinn, seo an tsraith duitse. Níl ann ach ceathrú uaire d’fhuirseoirí difriúla as achan chearn den domhain, agus is duine acu sin Aisling Bea as contae Chill Dara. Cosúil le Katherine Ryan, is painéalaí rialta í ar 8 out of 10 Cats agus mas maith leat greann na hÉireann, bainfidh tú sult as a cuid oibre. Ag éisteacht léi, cuirfear i gcuimhne duit a bheith ag éisteacht le cara ag magadh leat ag cóisir tí (luath san oíche, ní ag an deireadh).

Tá Aisling ag dul ó neart go neart ina gairm. Scríobh sí agus léiríonn sí an príomhcharactar i gclár do Channel 4 darbh ainm This Way Up le Sharon Horgan, agus i mí Dheireadh Fómhair, beidh ról aici mar bhean chéile Paul Rudd i gclár úr ar Netflix dar teideal Living With Yourself.

The Comedy Lineup: Aisling Bea 4/5

Níos mó