Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ar-rogha-d’imeachtai-oiche-chultuir

Ár rogha d’imeachtaí Oíche Chultúir

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Oíche Chultúir, ionaid éagsúla timpeall na tíre, Dé hAoine, 20 Meán Fómhair ’19

Uair sa bhliain osclaítear doirse ghailearaithe, músaem, amharclann, ionaid ealaíne agus oidhreachta ar fud na tíre ar mhaithe leis an Oíche Chultúir. Déanfar amhlaidh anocht agus ceiliúradh á dhéanamh ar ár gcultúr, le réimse leathan imeachtaí ó thuaidh, ó dheas, thoir agus thiar.

Ba dheacair iad ar fad a liostáil, ach ar mhaithe an leathanaigh seo, tá cúig cinn acu roghnaithe agam, go mbeidh spéis agat iontu, tá súil agam!

1. Tá ana-chion ar fad agam ar Mharia Ní Mhurchú, mar dhuine agus mar fhile. Bíonn sí ionraic agus macánta ina cuid filíochta agus í ag plé le hábhair phearsanta go healaíonta. Tá cumas iontach inti mothúcháin a léiriú go beacht agus is minic go mbraithim mé féin agus mo mhothúcháin ina cuid dánta. Léifidh sí anocht sa Díseart sa Daingean, Co. Chiarraí agus is ann a bheidh sí óna 18:00.

2. Bíonn lucht Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair ullmhaithe go maith i gcónaí don Oíche Chultúir agus ní haon eisceacht ócáid na bliana seo! Beidh turasanna treoraithe den bhfoirgneamh stairiúil ar bun agus céilí mór ina dhiaidh, go gcuirfear tús leis ag tuairim is 21:30.

3. An ceoltóir Doimnic Mac Giolla Bhríde agus cór Ghlórtha Uladh a bheidh páirteach in ócáid i muileann Chorr Chreagáin, i nDún na nGall tráthnóna, le hamhráin Ghaeilge agus ceol uirlise acu dóibh siúd a bheidh i láthair óna 20:00.

4. Bhí ana-rath go deo ar Chath na Ceathrúin Rua le déanaí, léiriú de chuid Fíbín, stiúrtha ag Philip Doherty (a ceapadh le déanaí mar stiúrthóir ealaíne ar an gcomhlacht). Beidh an chéad seó eile uatha, House Party, le feiscint tráthnóna… mar an gcéanna leis an seó a chuaigh roimhe, is amuigh faoin aer a bheidh sé seo chomh maith! Baile na hAbhann, Conamara óna 21:00.

5. Beidh ceardlann scríbhneoireachta amhrán le Rónán Ó Snodaigh ar siúl in Ionad na nGleannta, Cluainín Uí Ruairc óna 16:00 tráthnóna. Ná bí buartha faoi chaighdeán do chuid Gaeilge, níl uait ach meon oscailte agus do chuid smaointe – beidh rath dá réir, ar an gcumadóireacht! B’fhiú áfach áirithint a dhéanamh roimh ré!

Cúpla imeacht eile…

The Bonny Men, Whelan’s, BÁC, Dé hAoine, 20 Meán Fómhair @ 20:00

Tá an banna The Bonny Men ag obair le tamall anuas ar albam nua dá gcuid, dar teideal The Broken Pledge. Ní fada uainn é, agus táimse ag súil go mór leis go pearsanta, toisc gur breá liom a gcuid ceoil. Beidh réamhbhlaiseadh de na rianta nua-thaifeadta le clos ar an Aoine nuair a thabharfaidh an grúpa faoi stáitse Whelan’s na hArdchathrach. KC VIK a thabharfaidh tacaíocht dóibh ar an oíche. Beirt atá páirteach sa ghrúpa sin, sin iad Kaitlin Cullen-Verhauz agus Ian Kinsella, agus alt-folk a thabharfaidís ar a stíl atá acu, le meascán de cheol agus amhráin. Gach rath orthu ar fad.

Gig for Gav, Tigh Chóilí, Gaillimh, Dé Sathairn, 21 Meán Fómhair @ 20:00

Is sa Ghaillimh a bheidh gig speisialta don gceoltóir Gavin Ralston ar siúl Dé Sathairn. Is ag bailiú airgid don ngiotáraí agus léiritheoir aitheanta ceoil atá mar aidhm na hoíche. Tá ailse ar Gavin agus tá beartaithe ag a mhuintir agus a chuid cairde sraith imeachtaí a chur ar bun le cúnamh a thabhairt le híoc as cóir leighis. A uncail, Séamus Begley, mar aon lena chlann agus aíonna speisialta a bheidh i gCathair na dTreabh an deireadh seachtaine seo, i dTigh Chóilí.

Pop Up Gaeltacht, The Gingerman, Sráid na bhFíníní, Baile Átha Cliath, 26 Meán Fómhair, óna 20:00

Ní minic go dtarlaíonn sé go bhfilleann Pop Up Átha Cliath ar an dtigh tábhairne céanna, ach déanfar amhlaidh an mhí seo! The Gingerman atá roghnaithe arís mar láthair go mbaileoidh lucht labhartha na Gaeilge ann ar an Déardaoin deireanach den mhí. Mar atá le tamall anuas, beidh cleas BLOC, (ardán de chuid TG4) ar an láthair agus iad ag spreagadh na ndaoine le cluichí a imirt agus duaiseanna deasa a bhuachtaint dá réir! 

Níos mó